Saltar al contenido
Nuacht Mhall

Nuacht Mhall

Nuevo14 Samhain 2026 (Luimneach)14 de noviembre de 2026 · 6 min
Episodios
364
Se publica
cada semana
Último episodio
14 Nov 2026

Sobre el podcast

Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. The week's main news stories, read slowly in Irish.

Episodios 364

  1. 14 Samhain 2026 (Luimneach)

    6 min

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an ceathrú lá déág de mhí na Samhna. Is mise Sibéal Dempsey.In Éirinn, cuireadh pleananna le haghaidh stailc san earnáil phoiblí ar fionraí an …

    Notas del episodio

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an ceathrú lá déág de mhí na Samhna. Is mise Sibéal Dempsey.

    In Éirinn, cuireadh pleananna le haghaidh stailc san earnáil phoiblí ar fionraí an tseachtain seo tar éis do cheardchumainn teacht ar chomhaontú maidir le dréacht-shocrú pá nua leis an rialtas. Faoin socrú seo, gheobhaidh beagnach leathmhilliún oibrí méaduithe pá de bhreis agus deich faoin gcéad faoi mhí an Mhárta sa bhliain dhá mhíle fiche a naoi. Mar sin féin, beidh an méadú seo níos ísle ná an ráta boilscithe; gheobhaidh oibrithe méadú dhá faoin gcéad don bhliain dhá mhíle fiche a sé, i gcomparáid le ráta boilscithe de ceithre phointe a trí faoin gcéad a bhí ann i mí Dheireadh Fómhair. Áirítear téarmaí eile sa chomhaontú freisin, amhail “comhoibriú maidir le comhtháthú na hintleachta saorga agus athruithe ar chleachtais oibre”. Ní hé seo deireadh an scéil, áfach, mar go gcaithfidh na ceardchumainn éagsúla vóta a iarraidh ar a gcuid ball anois féachaint an nglacfaidh siad leis an gcomhaontú; táthar ag súil go mbeidh torthaí na vótála ar fáil i gceann cúpla seachtain.

    Gearradh pionós príosúnachta deich mbliana go leith ar Russell Brand as éigniú agus trí chúis d'ionsaí gnéis. Thug roinnt dá íospartaigh ráitis an tseachtain seo; ina measc bhí duine amháin a labhair leis an gcúirt go pearsanta, ó chúl cuirtín. Le linn na trialach, rinne an Breitheamh roinnt ráiteas, ina measc cur síos ar Russell Brand mar “chreachadóir gnéis”, agus an ráiteas: “is cuma cad a chaitheann mná, is cuma cá dtéann siad, agus go deimhin is cuma cad a ólann siad, tá an ceart acu i gcónaí ‘ní hea’ a rá”. Chomh maith leis sin, tá líomhaintí curtha i leith David Walliams an tseachtain seo go ndearna sé creach ar chailíní chomh hóg le cúig bliana déag d’aois. Tharla sé seo tar éis dó cás cúirte a chailleadh ina raibh sé ag iarraidh bac a chur ar fhoilsiú na líomhaintí sin, a tháinig chun solais de thoradh imscrúduithe a rinne ITV agus an Guardian.

    An deireadh seachtaine seo caite, thairg Donald Trump post rúnaí preasa an Tí Bháin do Dana White, príomhfheidhmeannach an Chraobhchomórtais Sárthrodaíochta (UFC). Dúirt sé ina dhiaidh sin “nach raibh i gceist aige ach magadh” agus go raibh sé i gceist a chur in iúl nach mbeadh tuairisceoirí “chomh dána sin leis”. Bhí an bheirt i láthair le chéile an tseachtain seo i seomra faisnéise an Tí Bháin, áit ar labhair Trump freisin faoin gcogadh san Iaráin, ag maíomh go dtiocfaidh deireadh leis an gcoimhlint go luath. Tá an post folamh le cúpla seachtain anuas, tar éis don rúnaí preasa a bhí ann roimhe seo a bheith curtha faoi bhrú éirí as a post.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    dréacht-shocrú pá - draft pay settlement

    comhtháthú - integration

    creachadóir - predator

    imscrúduithe - investigations

    rúnaí preasa - press secretary

    príomhfheidhmeannach an Chraobhchomórtais Sárthrodaíochta - CEO of UFC



  2. 7 Samhain 2026 (Tír Eoghain)

    11 min

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an seachtú lá de mhí na Samhna. Is mise Niall Ó Siadhail.Bhí caint ar 'Shúnamaí Gorm' an tseachtain seo agus an Páirtí Daonlathach chun tosaigh i …

    Notas del episodio

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an seachtú lá de mhí na Samhna. Is mise Niall Ó Siadhail.

    Bhí caint ar 'Shúnamaí Gorm' an tseachtain seo agus an Páirtí Daonlathach chun tosaigh i dtoghcháin lár téarma de chuid na Stát Aontaithe. D'éirigh leis na Daonlathaigh tromlach a fháil sa dá theach de Chomhdháil na Stát Aontaithe, rud a choinneoidh srian ar chumhacht an Uachtaráin Donald Trump i mblianta deireanacha a uachtaránachta. Sa tSeanad, beidh ar a laghad 54 as 100 suíochán ag an Pháirtí Daonlathach, agus i dTeach na nIonadaithe, beidh ar a laghad 254 as 435 suíochán acu. Tá roinnt suíochán fós le fógairt sa dá theach, ach tá tromlach soiléir ag na Daonlathaigh. I measc na bpolaiteoirí nuathofa tá Keisha Lance Bottoms, an chéad bhean dhubh le bheith ina Gobharnoir stáit i stair na tíre, Abdul El-Sayed, an chéad Mhoslamach le bheith ina Sheanadóir, agus Deb Haaland, an chéad Dúchasach Meiriceánach le bheith ina Gobharnóir.

    Tá an reathaí meánraoin Ciara Mageean ar shlí na fírinne, dhá bhliain i ndiaidh di bonn óir a bhaint ag Craobhchomórtais Lúthchleasaíochta na hEorpa sa Róimh. As Port an Pheire i gContae an Dúin í Ciara, agus d'imir sí camógaíocht nuair a bhí sí óg, sula ndeachaigh sí leis an reathaíocht. Ghlac sí páirt ag na Cluichí Oilimpeacha in 2016 agus 2020 ar son na hÉireann ach bhí uirthi éirí as an chomórtas chéanna in 2024 mar gheall ar ghortú dá teannán Aichill. D'fhógair sí anuraidh go raibh ailse uirthi agus dúirt in agallamh gur thuig sí nach mbainfeadh sí daichead bliain amach. Phós sí a páirtí Thomas Moran trí seachtaine sula bhfuair sí bás Dé Domhnaigh. Thug daoine mór le rá ó shaol an spóirt agus ó shaol na polaitíochta ómós di, ag rá gur dhuine spreagúil í a d'fhág oidhreacht speisialta ina diaidh. Bhí sí ceithre bliana is tríocha d'aois.

    Tháinig na mílte Gael le chéile an deireadh seachtaine seo caite agus Oireachtas na Samhna ar siúl i gCill Airne, Contae Chiarraí. Féile bhliantúil chultúrtha is ea é an tOireachtas, a reáchtáladh den chéad uair sa bhliain 1897. Ba í an scríbhneoir Áine Ní Ghlinn Uachtarán an Oireachtais i mbliana, ach bhí Uachtarán na hÉireann Catherine Connolly i láthair fosta. I gcomórtais liteartha an Oireachtais, tugadh thart ar €30,000 san iomlán do bheagnach caoga scríbhneoir. Bhí go leor duaiseanna le baint ag na comórtais cheoil, damhsa agus taibhealaíona eile fosta. Beidh an tOireachtas ar siúl i gCill Airne arís an bhliain seo chugainn.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    súnamaí gorm - blue tsunami

    polaiteoirí nuathofa - newly-elected politicians

    Dúchasach Meiriceánach - Native American

    reathaí meánraoin - middle-distance runner

    teannán Aichill - Achilles tendon

    taibhealaíona - performing arts

  3. 31 Deireadh Fómhair 2026 (Maigh Eo)

    8 min

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu oíche Shamhna. Is mise Oisín Mac Conamhna.Bhí olltoghcháin thábhachtacha ar siúl an tseachtain seo, saBhrasaíl agus in Iosrael. San Bhasaíl, bhí …

    Notas del episodio

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu oíche Shamhna. Is mise Oisín Mac Conamhna.

    Bhí olltoghcháin thábhachtacha ar siúl an tseachtain seo, saBhrasaíl agus in Iosrael. San Bhasaíl, bhí an dara babhta den toghchán uachtaránachta idir Luiz Inácio Lula da Silva, an sealbhóir, agus Flávio Bolsonaro, mac an iar-uachtaráin Jair, atá faoi bhraighdeanas baile ar feadh fiche seacht mbliana tar éis coup a iarraidh i ndiaidh an toghchán dheirneanaigh. Bhí FlávioBolsonaro chun tosaigh sa chéad bhabhta, acht den chéad uair ó ghlac an Bhrasaíl leis an daonlathas sna hochtóidí, níor éirigh le buaiteoir an chéad bhabhta sa dara babhta, agus tháinig Lula ó chúl chun an toghchán a bhuachaint, ar thoradh 51.79% in aghaidh 48.21% do Bolsonaro. Dé Céadaoin i ndiaidh an toghcháin, agus in ainneoin ordú cúirte a phas a ghéilleadh mar chuid d’fhiosrúchán sciúrtha airgid, theith Flávio Bolsonaro ón mBrasaíl go dtí na Stáit Aontaithe, agus dúirt sé gur seisean an “fíor uachtarán tofa”, ráiteas a cáineadh agus a magadh go mór i meáin na Brasaíle.

    Bhí olltoghchán in Iosrael Dé Máirt, an chéad cheann ó tharlaionsaí Hamas ar an seachtú lá de mhí Dheireadh Fómhair 2023, an léirscrios Gaza agus na cogaidh éagsúla eile a tharla inadhiaidh. In aghaidh na sealbhóra, Benjamin Netanyahu agus a bhloc go mór ar an eite dheas, bhí bloc an fhreasúra, faoi cheannaireacht Gadi Eisenkot, iarcheann foirne airm Iosrael a chaill a mhac in Gaza, agus na páirtithe Arabacha. Vótáil 77.7% de na toghthóirí, an líon is airde ó bhí 1999 ann. Tá córas ionadaíocht chionmhar in olltoghcháin in Iosrael, agus níor bhain éinne tromlach de 61 suíocháin amach. Fuair an bloc le Netanyahu 53 suíocháin, an bloc le Eisenkot 48, agus na páirtithe Arabacha naoi gcinn déag. Dúirt Likud, an páirtí le Netanyahu, go raibh na páirtithe Arabacha ag iarraidh an t-olltoghchán a ghoid, tar éis dóibh an toradh is fear riamh a fháil. Anois beidh tréimhse idirbeartaíochta idir na páirtithe éagsúla chun rialtas a chur le chéile.

    Bhí searmanas bronnta shárimreoirí peile agus iománaíochta nabliana ar siúl san RDS i mBaile Átha Cliatha oíche Dé hAoine. Sa pheil, fuair curaidh na hÉireann sé áit ar fhoireann na bliana. Fuair Ciarraí trí cinn, agus fuair an Iarmhí, Lú, Ard Mhacha, Tír Eoghain, Baile Átha Cliatha agus Muineachán ceann amháin an contae. Roghnaíodh Ryan O’Donoghue ó Bhéal an Mhuirthead, laochna himeartha an chluiche ceannais, mar pheileadór na bliana; agus roghnaíodh Darragh Beirne ó Chlár Chlainne Mhuiris, a d’aimsigh a cúl cáiliúil sa chluiche ceannais a chuir Muigh Eo chun tosaigh go cinniúnach, mar pheileadór óg na bliana. San iománaíocht, fuair Luimneach naoi ngradam ar fhoireann na bliana, tar éis feachtas ceannasach; fuair Gaillimh trí cinn, Corcaigh dhá cheann, agus an Clár ceann amháin. Fuair Gearóid Hegarty, ó chathair Luimnigh, gradam iománaí na bliana, agus bronnadh an gradam d’iománaí óg na bliana ar Jason Rabitte ó Bhaile Átha an Rí.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    faoi bhraighdeanas baile - under house arrest

    daonlathas - democracy

    toghthóirí - voters

    ionadaíocht chionmhar - proportional representation

    curaidh na hÉireann - champions of Ireland

    cinniúnach - decisive

  4. 24 Deireadh Fómhair 2026 (Dún na nGall)

    5 min

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an ceathrú lá is fiche de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Alanna Ní Ghallachóir.Bhí eagraíochtaí agus gnóthaí ag déanamh deifir le huasdátú a …

    Notas del episodio

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an ceathrú lá is fiche de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Alanna Ní Ghallachóir.

    Bhí eagraíochtaí agus gnóthaí ag déanamh deifir le huasdátú a dhéanamh ar a gcuid córas, tar éis do lochtanna cibearshlándála a tháinig chun solais i dteanga ríomhchlárúcháin, PHP, atá in úsáid go coiteann ar fud an domhain. Tarraingíodh suíomhanna idirlíne as líne Dé Céadaoin agus Déardaoin i ndiaidh fógra ó forbróirí PHP gur thánghas ar “leochaileachtaí criticiúla” sa chúlteanga, atá úsáidte i bhfórbairt ghréasáin leis na blianta fada anuas. Níor tuairiscíodh ionsaithe rathúla go dtí seo, ach deir saineolaithe nach mbeidh an tionchar le feiceáil go soiléir go ceann tamaill, b’fhéidir i gceann míonna. Mar gheall air sin, tá eagraíochtaí ag cur paistí i ngníomh - ach ní chomh gasta is a bheadh ag tnúth leis go domhanda.

    In Éirinn le linn na seachtaine, thug an Stiúrthóireacht Naisiúnta um Bainistíocht Dóiteáin agus Éigeandála rabhadh faoi thuillte agus coinníollacha deacra taistil mar gheall ar Stoirm Austen. Bhí údaráis áitiúla i mbun ullmhúcháin i rith an lae Déardaoin, le haghaidh fearthainn throm agus gaoth a bhaineann leis an stoirm. Thug Met Éireann foláireamh faoi bhaol tuillte suntasach dá bharr duilleoga tite agus draenacha blocáilte. Dúirt réamhaisnéiseoir sinsearach Met Éireann, Gerry Murphy, nach mbeidh “fíorlagú” ar an fhearthainn i rith an deireadh seachtaine agus go mbeifear ag tnúth le coinníollacha gaofara ag maratón Bhaile Átha Cliath Dé Domhnaigh.

    Fógraíodh gearrliosta 2026 de Ghradaim Leabhar na hÉireann An Post, agus ainmniúcháin do scríbhneoirí agus maisitheoirí leabhar thar 19 catagóir. Is iad ficsean, stair, beathaisnéis, neamhfhicsean, stíl mhaireachtála, spórt, coirscéalta, leabhair do pháistí, litríocht do dhéagóra agus d'aosaigh óga, fiscean Gaeilge, filíocht agus gearrscéaltaí na catagóirí atá i gceist. Tugann na gradaim aitheantas do leabhair agus dá gcruthaitheoirí i scríbhneoireacht na hÉireann atá aitheanta agus agus atá ag teacht chun cinn. Tá cúig leabhar ar an liosta do Gradam Love Leabhar Gaeilge Leabhar Ficsin Gaeilge na Bliana: Faraor Géar nár Cailleadh Mé le Micheál Ó Conghaile; Rúnaí an Aire le Brian Ó Tiomáin; Eoghan Béal le Darach Ó Scolaí, ealaín le Alé Mercado; Sí le Seán Ó Muireagáin agus An Cláirseoir le Diarmuid Johnson.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    lochtanna cibearshlándála - cybersecurity defects

    teanga ríomhchlárúcháin - programming language

    an Stiúrthóireacht Naisiúnta um Bainistíocht Dóiteáin agus Éigeandála - the National Directorate for Fire and Emergency Management

    réamhaisnéiseoir sinsearach - senior forecaster

    maisitheoirí - illustrators

    coirscéalta - crime stories

  5. 17 Deireadh Fómhair 2026 (Baile Átha Cliath)

    4 min

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an seachtú lá déag mé mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Liam Ó Brádaigh.Tá an foilsitheoir, Faber, tar éis ráiteas a eisiú ag deimhniú nach mbeidh …

    Notas del episodio

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an seachtú lá déag mé mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Liam Ó Brádaigh.

    Tá an foilsitheoir, Faber, tar éis ráiteas a eisiú ag deimhniú nach mbeidh siad ábalta leabhair Sally Rooney a chur ar fáil do shiopaí leabhair sa Ríocht Aontaithe mar gheall ar an tacaíocht phoiblí a thugann Rooney don eagraíocht ‘Palestine Action’. I mí Iúil 2025, cuireadh an grúpa agóide gníomhaíochta dírí, Palestine Action, faoi chois sa Ríocht Aontaithe mar eagraíocht sceimhlitheoireachta. Ó shin i leith, tá breis agus 3,500 duine sa Ríocht Aontaithe curtha faoi ghabháil as tacaíocht a léiriú don ghrúpa. Tá sé ráite ag Rooney go bhfuil sé i gceist aici cuid de na ríochíosanna óna saothar a bhronnadh ar Palestine Action, agus go bhfuil an baol ann, dá bhrí sin, go sáróidh sí an dlí má fhanann a cuid leabhar ar fáil sa Ríocht Aontaithe.

    Tá rabhadh tugtha ag ceannairí ceardchumann go bhféadfadh “díospóid fhada dheacair” a bheith i ndán d’Éirinn mura dtagtar ar réiteach sna cainteanna pá. Chuaigh 300,000 seirbhíseach poiblí, ina measc altraí, dochtúirí, múinteoirí agus státseirbhísigh, ar stailc Dé Céadaoin. Dúnadh scoileanna, cuireadh coinní ospidéil ar ceal agus bunaíodh línte picéid ar fud na tíre le linn na stailce 24 uair an chloig. Dúirt an Taoiseach, Micheál Martin, go bhfuil an Rialtas “oscailte do chaibidlíocht leis na ceardchumainn i ndiaidh na gníomhíochta tionsclaíche.

    Gearradh pianbhreith 15 bliana ar iar-cheannaire an Pháirtí Aontachtaigh Daonlathaigh Déardaoin, tar éis dó a bheith ciontaithe in 18 gcúis a bhain le mí-úsáid ghnéis, éigniú san áireamh, in aghaidh beirt bhan nuair a bhí siad ina bpáistí. Beidh Donaldson ag cur a phianbhreithe de i bPríosún Maghaberry, in aice le Lios na gCearrbhach, ach ní chaithfidh sé ach leath na tréimhse sin taobh thiar de bharraí. Dúirt Catherine Kierans, ceannaire an PSNI, go léiríonn an cás gur féidir mí-úsáid ghnéasach a cheilt taobh thiar de chló na hurraime, ach freisin “nach bhfuil aon duine — is cuma cén post, stádas nó cáil phoiblí atá acu — thar theacht an dlí.”

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    grúpa agóide gníomhaíochta dírí - direct action protest group

    ríochíosanna - royalty payments

    ceannairí ceardchumann - trade union leaders

    caibidlíocht - negotiation

    pianbhreith - sentence

    cló na hurraime - impression of respectability

  6. 10 Deireadh Fómhair 2026 (Tiobraid Árann)

    7 min

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an deichiú lá de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loingsigh.In Éirinn, fógraíodh Búiséad 2027 le linn na seachtaine. Deir an …

    Notas del episodio

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an deichiú lá de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loingsigh.

    In Éirinn, fógraíodh Búiséad 2027 le linn na seachtaine. Deir an rialtas go bhfuil sé cóir d’oibrí, ach mheall an plean cáineadh ón bhfreasúra a deir gur theip ar an rialtas aon rud a dhéanamh ar son teaghlaigh atá ag streachailt le costais mhaireachtála. Tá roinnt athruithe beaga ar cháin, leasa, agus tacaíochtaí cúram leanaí ach dar le hanailís a rinne an Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta beidh athrú beag nó easpa athruithe i gceist ar ioncam teaghlach. Deir saineolaí ón ITES nach ndéanfaidh an búiséad aon fheabhsú ar bhochtaineacht leanaí, atá ag 7.8% faoi láthair, agus nach ndéannan sé aon dul chun cinn maidir le sprioc an rialtais an fígiúir a laghdú go 3% in 2030. Cuireadh €1 milliún ar fáil don Roinn Oideachais chun tionscnamh “Clár Laochra Teanga na Gaeltachta” a chruthú, clár a tabharfaidh maoiniú do bheirt daltaí i ngach meánscoil sa tír freastal ar chúrsa sa Ghaeltacht. Seachas sin, méadú níos lú na €1 milliún atá á thabhairt don Ghaeilge, an Ghaeltacht agus na hoileáin sa bhúiséad. Ní bhfuair TG4 aon ardú maoinithe, den chéad uair le 10 mbliana anuas. €65.4 milliún a bheidh acu, mar an gcéanna leis an bhliain seo. Níor bhfuair RTÉ aon mhaoiniú breise ach oiread.

    I Sásanna, bhuaigh Pairtí an Lucht Oibre an fothoghchán in Holborn agus St.Pancras, a tharla mar d’éirigh an t-iar-phríomh-aire Keir Starmer as mar Fheisire. Bhí an bua ag Sagal Abdi-Wali thar Zack Polanski, ceannaire an Chomhaontais Ghlais. Bhí béim ar an bhfothoghchán seo mar scrúdú ar rath Phairtí an Lucht Oibre faoi cheannaireacht nua Andy Burnham, agus an mbeadh siad in ann an tacaíocht a chaill siad i gcoinne an Chomhaontais Ghlais faoi stiúiriú Keir Starmer a fháil ar ais. Choimeád siad an suíochán ach laghdaíodh an tromlach ó 11,572 go 3,364 vóta. Dúirt Zack Polanski gurbh é an dara toradh is fearr a bhain an Comhaontas Glas amach i bhfothoghchán riamh agus gur bunús maith é le haghaidh tógáil agus forbairt an páirtí. Tár éis an drochthoraidh, ceistíodh Zach Polanski faoi na héilimh ó roinnt baill laistigh den phairtí ag iarraidh go n-eiródh sé as a ról mar cheannaire, tar éis conspóid níos luaithe sa tseachtain nuair a theip air freastal ar dhíospóireacht maidir le rún ag tabhairt sainmhíniú ar an Síónachas mar chineál ciníochais. Dúirt Polanski go cinnte go bhfanfadh sé ina ról mar cheannaire an Chomhaontais Ghlais agus nach raibh aon amhras aige faoi.

    Tá El Niño ag láidriú agus an buaicphointe le teacht i mí na Nollag agus ag leanúint ar aghaidh go Feabhra 2027. Feiniméin aimsire nadúrtha atá i gceist, a tharlaíonn gach dhá go seacht mbliana, a mhaireann go ceann dha mhí dhéag de ghnáth. Ardaíonn El Niño teocht dromchla i bpáirt den Aigéan Ciúin le athruithe brú, gaoithe agus báistí ar fud an domhain mar thoradh. Ceaptar go mbeidh seo an tarlú is láidre a chonacthas ón mbliain 1950. Chomh maith le hathrú aeráide de dhéantús an duine, bhí éifeachtaí le feiceáil cheana i rith an tsamhraidh agus tá saineolaithe ag tnúth le hardú teochtanna sa chuid is mó den domhan i rith an gheimhridh freisin, agus baol tuilte agus triomaigh mar thoradh. Ní chuireann El Niño teocht nua sa phlainéad ach scaoileann sé teocht atá á stóráil san aigéan, le hardú teocht an aigéin mar thoradh ar an athrú aeráide tá níos mó teocht le scaoileadh. Chuir El Niño leis an teocht in 2024 agus 2023 - an bliain is teo agus an dara bliain is teo a taifeadadh riamh.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    costais mhaireachtála - living costs

    bochtaineacht leanaí - child poverty

    fothoghchán - by-election

    díospóireacht - debate

    feiniméin aimsire - weather phenomenon

    teocht dromchla - surface temperature

  7. 3 Deireadh Fómhair 2026 (Gaillimh)

    7 min

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an triú lá de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Eoin Ó Seachnasaigh.Tar éis dóibh cluiche a chailleadh i gcoinne na Cosaive, fuair foireann sacair na …

    Notas del episodio

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an triú lá de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Eoin Ó Seachnasaigh.

    Tar éis dóibh cluiche a chailleadh i gcoinne na Cosaive, fuair foireann sacair na hÉireann na chéad trí phointe faighte i Sraith na Náisiún Dé Domhnaigh. Cé gur éirigh leo an lámh in uachtar a fháil ar Iosrael, bua gan lúcháir a bhí ann tar éis cluiche nár cheart a imirt ar chor ar bith, dar le go leor daoine. Fiú roimh an deireadh seachtaine seo, bhí cúrsaí chomh hachrannach sin gur ghá d’UEFA an cluiche a bhogadh go dtí an Ungáir, chun coimhlint idir an dá ghrúpa lucht tacaíochta a sheachaint. Tháinig an crú ar an tairne, áfach, nuair a d’fhógair Gavin Bazunu nach raibh sé toilteanach páirt a ghlacadh i gceachtar den dá chluiche i gcoinne na nIosraelach. Dúirt Bazunu, a imríonn sa chúl le Bolton Wanderers, go raibh a chinneadh bunaithe ar a chreideamh pearsanta nach bhfuil sé ceart daoine neamhchiontach a mharú. Ina ainneoin sin, tá an cuma ar an scéal nach mothaíonn a chomh-imreoirí chomh láidir sin faoin gcinedhíothú sa Phalaistín, ós rud é gur bhuaigh an dream a bhí i bhfabhar na cluichí a chomhlíonadh nuair a reáchtáladh vóta sa seomra gléasta. Le linn an chluiche féin, bhí muinchillí dubha á gcaitheamh ag na hÉireannaigh agus d’ísligh siad a gceann agus amhrán náisiúnta Iosrael á sheinm. Idir an dá linn, cé nach raibh duine ná deoraí de lucht tacaíochta na hÉireann ann, líomhnaítear gur thug lucht tacaíochta Iosrael íde béil chiníoch d’Adam Idah. Buailfidh na foirne le chéile arís tráthnóna Dé Domhnaigh, an t-am seo sa tSeirbia, agus tá sé geallta ag captaen Iosrael, Manor Solomon, go mbeidh an toradh thar a bheith difriúil sa dara cluiche.

    Go Port an Dúnáin anois, agus níl aon réiteach ar an tsáinn go fóill, gan ceachtar den dá thaobh ag géilleadh go fóill. Thug Coimisiún na bParáidí cead don Ord Oráisteach máirseáil síos Bóthar Gharbhachaidh den chéad uair le hocht mbliana is fiche anuas. Cé go raibh an mórshúil le bheith ar siúl Dé Domhnaigh seo caite, cuireadh cosc air mar gheall ar agóidí ón bpobal náisiúnach. Tugadh doiciméid de réitigh do gach ceann den dá thaobh agus tuigtear go bhfuil siad i mbun plé ar na moltaí. Ag tacú leis na háitritheoirí, tá baill de Chonradh na Gaeilge ann, ina measc Uachtarán na heagraíochta, Ciarán Mac Giolla Bhéin. Tá sé ráite ag Jamie Bryson, comhairleoir dlí don Ord Oráisteach, áfach, nach ngéillfidís choíche, fiú dá bhfaighidís fiche milliún punt. Dar le Coimisiún na bParáidí, rinneadh níos mó ná 2,500 máirseáil i dTuaisceart Éireann ó mhí Aibreáin 2025 go dtí mí an Mhárta 2026.

    I mBeirlín, tá polaiteoirí Die Linke, ón eite chlé, ag bualadh leis na Glasaigh, nó ‘Die Grünen’, agus leis na Daonlathaigh Shóisialta, nó ‘die SPD’, chun tús a chur le cainteanna comhrialtais don phríomhchathair. I measc ábhair eile, beidh siad ag plé moladh ó Die Linke chun dul i ngleic leis an ngéarchéim tithíochta trí thithe a ghabháil ó thiarnaí talún corparáideacha. Dá mbuafadh Die Linke an lá, ba í a gcomhcheannaire parlaiminte, Elif Eralp, an chéad bhean a bheadh ​​ina méara ar an gcathair. Roimhe sin, áfach, tá fadhbanna le réiteach idir na páirtithe mar gheall ar a gcuid dtuairimí éagsúla faoi Iosrael. Idir an dá linn, tá Seansailéir na Gearmáine, Friedrich Merz, i mbaol fós i ndiaidh na dtorthaí toghcháin tubaisteacha, an ceann a bhuaigh an AfD, nó ‘Alternative für Deutschland’, in Sachsen-Anhalt in oirthear na tíre, san áireamh. De réir na bpobalbhreitheanna is déanaí, is é Merz an ceannaire is measa ó bhí an Dara Cogadh Domhanda ann.





    bua gan lúcháir - joyless victory

    lucht tacaíochta - supporters

    sáinn - standoff

    áitritheoirí - residents

    comhcheannaire - co-leader

    pobalbhreitheanna - polls

  8. 26 Meán Fómhair 2026 (An Dún)

    6 min

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an séú lá is fiche de mhí Mheán Fómhair. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh.Cuireadh bille síos an tseachtain seo a thabharfadh saoire 20 lá do mhná …

    Notas del episodio

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an séú lá is fiche de mhí Mheán Fómhair. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh.

    Cuireadh bille síos an tseachtain seo a thabharfadh saoire 20 lá do mhná atá i ndiaidh breith anabaí, agus saoire 10 lá do dhaoine atá ag dul faoi chóireáil torthúlachta. Rinne Coiste Fiontair an Oireachtais plé ar an reachtaíocht mholta Dé Céadaoin. Dúirt urlabharlaí ó Pháirtí an Lucht Oibre go n-aithneodh an bille seo an tionchar suntasach fisiciúil agus mothúchánach gur féidir na heispéiris seo imirt ar dhaoine, agus am saor ón obair á chur ar fáil do dhaoine nuair is mó gá. Agus í ag labhairt ar chlár teilifíse Morning Ireland de chuid RTÉ, dúirt Marie Sherlock, urlabhraí sláinte an Pháirtí, nach saincheisteanna sláinte amháin iad breith anabaí agus neamhthorthúlacht, ach saincheisteanna don ionad oibre fosta. Dúirt sí gur chuir a páirtí reachtaíocht faoi bhráid na cúirte cúig bliana ó shin agus gur bhain siad tacaíocht láidir thraspháirtí amach. Dúirt sí go bhfacthas forbairtí suntasacha le déanaí i dtíortha eile, lena n-áirítear an Ríocht Aontaithe, an Nua-Shéalainn agus Málta. "Is é fírinne an scéil ná go gcaithfimid a chinntiú nuair a bhíonn an eachtra neamhchoitianta sin ag oibrí ina saol, cibé acu breith anabaí nó cóireáil torthúlachta é, go dtugtar saoire chomhbhách don ionad oibre dóibh, agus gur cheart dóibh a bheith amuigh ar lánphá," a dúirt sí.

    Deir Roinn na Gaeltachta go gcuirfear tús leis an phróiseas comhairliúcháin maidir le caighdeáin teanga laistigh de sé mhí. Tagann na caighdeáin in áit chóras na scéimeanna teanga, agus tá an chéim seo ar cheann de phríomhbhearta na reachtaíochta teanga a ritheadh ag deireadh 2021. Bhí sé i gceist an córas nua a chur i bhfeidhm roimh dheireadh 2024 agus imní léirithe ag an Choimisinéir Teanga ó dheas agus ag polaiteoirí faoin mhoill. Faoin chóras nua caighdeán teanga, leagfar dualgais chaighdeánacha teanga ar chomhlachtaí poiblí bunaithe ar an mhéid teagmhála a bhíonn acu leis an phobal. Ag cruinniú de choiste Gaeilge an Oireachtais Dé Máirt, dúirt an Dr Aodhán Mac Cormaic, Ceannasaí Roinn na Gaeltachta, go raibh cur i bhfeidhm na reachtaíochta teanga sin níos casta ná aon rud eile a bhí feicthe aige. “Tá mise 40 bliain sa státseirbhís an mhí seo chugainn agus níor tháinig mé ar phíosa oibre chomh casta leis an phíosa oibre seo atá ar bun don togra seo uilig,” a dúirt an Dr Mac Cormaic agus é ag labhairt ar ullmhú na gcaighdeán, an sprioc earcaíochta 20% agus na bearta eile ata mar chuid d’Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021.

    Cuireadh thart ar 2,000 duine amach as breis agus 300 teach i Falmouth i gCorn na Breataine agus saineolaithe ag plé le buama ón Dara Cogadh Domhanda a aimsíodh san fharraige. Glaodh ar na seirbhísí éigeandála ar 9.15 ar maidin nuair a aimsíodh gléas a chreidtear a bheith ina bhuama aeir Meiriceánach nár phleasc ón Dara Cogadh Domhanda san uisce. Cuireadh crios eisiaimh 300m i bhfeidhm ar dtús, a leathnaíodh go 755m. Cuireadh seirbhísí traenach idir stáisiúin Dugaí Falmouth agus Baile Falmouth ar ceal. Thug Póilíní Devon agus Chorn na Breataine rabhadh: “Má leathnaítear an crios slándála agus má tá cónaí ort laistigh den limistéar seo, moltar go láidir duit do theach a fhágáil faoi 09:00.” Chuaigh an crios eisiaimh i bhfeidhm ar 339 teach. Bunaíodh ionad aslonnaithe ag Eaglais All Saints ar Shráid Killigrew, áit a raibh réimse brioscaí, tae, caife agus luchtairí fón ar fáil d’aon duine a bhí curtha as a dteach, agus gabhadh buíochas le cónaitheoirí as a bhfoighne agus a gcuidiú i rith an ama.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    breith anabaí - miscarriage

    torthúlacht - fertility

    próiseas comhairliúcháin - consultation process

    sprioc earcaíochta - recruitment target

    crios eisiaimh - exclusion zone

    cónaitheoirí - residents

  9. 19 Meán Fómhair 2026 (An Clár)

    8 min

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an naoú lá déag de mhí Mheán Fómhair. Is mise Niall Ó Cuileagáin.Tá imní léirithe ag na comhlachtaí móra sa tionscal intleachta saorga mar gheall …

    Notas del episodio

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an naoú lá déag de mhí Mheán Fómhair. Is mise Niall Ó Cuileagáin.

    Tá imní léirithe ag na comhlachtaí móra sa tionscal intleachta saorga mar gheall ar an gcumhacht atá ag an dteicneolaíocht anois. Scríobh an príomhfheidhmeannach de chuid Anthropic, Dario Amodei, aiste inar thug sé rabhadh don domhan faoin
    dainséar a bhaineann leis an dteicneolaíocht. Scríobh sé go bhfuil orainn an luas forbartha a mhoilliú san earnáil ar eagla go rachadh an teicneolaíocht as smacht agus deireadh a chur leis an gcine daonna. D’fhógair Google an tseachtain seo gur
    éirigh lena bhota comhrá, Gemini, haiceáil a dhéanamh ar chomlachtaí eile as a stuaim féin. Beidh Sam Altman, príomhfheidhmeannach de chuid OpenAI, ag tabhairtráiteas do cheannairí domhanda sa Náisiúin Aontaothe faoi na bagairtí abhaineann le hIntleacht Shaorga. Tá na comhlachtaí intleachta saorga ag iarraidh go mbeidh níos mó rialachán san earnáil chun na bagairtí seo a sheachaint, ach de réir cúpla saineolaí, tá siad ag déanamh áibhéil ar an gcontúirt agus ag iarraidh smacht iomlán a choimeád ar an earnáil.

    Ionsaíodh an Teachta Dála ó Chiarraí Theas, Michael Healy-Rae an tseachtain seo agus é ag tiomáint trí chathair Bhaile Átha Cliath. Tharla an t-ionsaí ar Shráid Chorcaí Dé Céadaoin nuair a bhí an Teachta Dála sáinnithe sa trácht. Tugadh fear darb ainm
    Anthony Foley os comhair na cúirte Dé hAoine agus cúisíodh é; ní dúirt sé aon rud nuair a cuireadh an chúis ina leith. Tuigtear gur thug an fear buille ar Healy-Rae tríd an bhfuinneog agus gur gearradh liopa Healy-Rae go dona agus go raibh air seacht
    ngreim a fháil. Cháin polaitheoirí ó gach páirtípolaitaíochta agus tráchtairí sna meáin an t-ionsaí go géar. Dúirt ceannaire Phairtí an Lucht Oibre, Ivana Bacik, gur ionsaí ar an ndaonlathas a bhí ann.

    Tharraing an t-amhránaí Ed Sheeran conspóid mhór an tseachtain seo nuair a chaith sé an t-aoicheoltóir Macklemore amach as a chamchuairt i Meiriceá mar gheall ar an óráid a thug sé inar léirigh sé tacaíocht do mhuintir na Palaistíne. Mhaígh
    Macklemore gur díbríodh é tar éis don bhilliúnaí Robert Kraft, a bhfuil seilbh aige ar cúpla staid sa chamchuairt, a mhíshásamh a léiriú do Sheeran agus bagairt a dhéanamh an chamchuairt iomlán a chur ar ceal. Chuir Sheeran teachtaireacht
    amach inar dhiúltaigh sé taobh a ghlacadh agus tar éis sin, tharraing gach aoicheoltóir eile amach as an gcamchuairt, Éireannaigh ina measc, an t-amhránaí Aaron Rowe agus an grúpa ceoil traidisiúnta, Beoga. D’fhógair an stáisiún raidió Éireannach Classic Hits nach mbeidh siad ag craoladh Sheeran ar an stáisiún níos mó agus gheall Macklemore go dtabharfaidh sé an méid airgid a fuair sé ó na ceolchoirmeacha a dhein sé sa chamchuairt go dtí seo go carthanais Phalaistíneacha.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    rabhadh - warning

    bota comhrá - conversation bot

    greim - stitch

    daonlathas - democracy

    aoicheoltóir - guest musician

    camchuairt - tour



  10. 12 Meán Fómhair 2026 (Ard Mhacha)

    12 min

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an dara lá déag de mhí Mheán Fómhair. Is mise Barra Mac Giolla Aoláin.D'éirigh iarUachtarán na hÉireann Máire Mhic Giolla Íosa as a ról mar …

    Notas del episodio

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an dara lá déag de mhí Mheán Fómhair. Is mise Barra Mac Giolla Aoláin.

    D'éirigh iarUachtarán na hÉireann Máire Mhic Giolla Íosa as a ról mar chathaoirleach ar an choiste atá ag iarraidh trí eagraíocht - Cumann Lúthchleas Gael, Cumann Peil Gael na mBan agus an Cumann Camógaíochta - a thabhairt le chéile in aon eagraíocht amháin. D'éirigh sí as i ndiaidh do Chumann Lúthchleas Gael a rá nach dtig leo spriocdháta cinnte a thabhairt don aontú seo. Deir Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael, Iarlaith Ó Broin, go bhfuil sé fós ar son an aontaithe, ach go bhfuil deacrachtaí airgeadais ann maidir le maoiniú cothrom a thabhairt d'fhoirne fear agus ban. Dúirt an t-iriseoir Sinéad O'Carroll go mbaineann an scéal seo le hairgead agus cumhacht seachas le spóirt amháin. Dúirt sí freisin gurb é an rud is tábhachtaí ná rochtain chomhionann ar áiseanna agus cearta comhionanna do gach ball, is cuma cén inscne atá acu.

    Beidh Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá, Donald Trump, ag tabhairt cuairt ar Éirinn an deireadh seachtaine seo. Le linn na cuairte, buailfidh sé le ceannairí polaitiúla na tíre agus freastalóidh sé ar Chraobhchomórtas Oscailte Gailf na hÉireann atá ar siúl ag a ionad saoire i nDún Beag, Contae an Chláir. Tá oibríocht slándála an-mhór á hullmhú ag na Gardaí agus ag Óglaigh na hÉireann do chuairt Trump. Beidh dúshláin mhóra lóistíochta ag baint leis an chuairt seo, toisc go bhfuil cruinnithe tábhachtacha eile ar siúl san am céanna mar gheall ar uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh. Dúirt an Taoiseach go bhfuil muinín aige as na Gardaí go mbeidh siad in ann déileáil leis na dúshláin seo ar fad.

    Tá Downing Street fós ag tabhairt tacaíocht do Príomhfheidhmeannach NATS, Martin Rolfe, in ainneoin éilimh go n-éireodh sé as. D'iarr an tAire Iompair, Heidi Alexander, tuarascáil iomlán air laistigh de sheachtain maidir leis an teip theicniúil a tharla Dé Máirt agus Dé Céadaoin. Chuir an fhadhb níos mó ná 2,000 eitilt ar ceal sa Bhreatain Mhór. In Éirinn, cuireadh thart ar 90 eitilt ar ceal i mBaile Átha Cliath agus bhí moilleanna i gCorcaigh agus in Aerfort na Sionainne, ach tá na sceidil ag filleadh ar an ghnáthnós anois. D'iarr Príomhoifigeach Oibríochtaí Ryanair, Neal McMahon, ar Martin Rolfe éirí as mar gheall ar mhíbhainistíocht. Dhearbhaigh Michael O'Leary go raibh ar Ryanair 260 eitilt a chur ar ceal, rud a chruthóidh caillteanas airgeadais idir €1.9m agus €7.0m don aerlíne.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    maoiniú cothrom - balanced funding

    cearta comhionanna - equal rights

    oibríocht slándála - security operation

    dúshláin lóistíochta - logistical challenges

    moilleanna - delays

    caillteanas airgeadais - financial loss

  11. 5 Meán Fómhair 2026 (Tír Eoghain)

    4 min

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an cúigiú lá de mhí Mheán Fómhair. Is mise Niall Ó Siadhail.Anocht, beidh a troid dheireanach ag Katie Taylor, an dornálaí is rathúla i stair an …

    Notas del episodio

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an cúigiú lá de mhí Mheán Fómhair. Is mise Niall Ó Siadhail.

    Anocht, beidh a troid dheireanach ag Katie Taylor, an dornálaí is rathúla i stair an spóirt in Éirinn. Beidh sí ag troid in aghaidh Flora Pili ón Fhráinc, os comhair slua de 80,000 duine i bPáirc an Chrócaigh ag deich a chlog anocht. Rugadh agus tógadh Taylor i mBré, Contae Chill Mhantáin, agus thosaigh sí ag dornálaíocht nuair a bhí sí dhá bhliain déag d'aois. Tá barraíocht comórtas agus duaiseanna bainte ag Taylor le liostáil anseo, ach ina measc tá bonn óir ag na Cluichí Oilimpeacha i Londain in 2012, curadh domhanda san éadrom-mheáchan agus curadh domhanda san éadrom-mheáchan trom. Beidh Taylor ag troid anocht den uair dheireanach, ach fanfaidh an méid atá bainte amach aici i gcuimhne lucht leanúna dornálaíochta go ceann i bhfad.

    Níl deireadh le cás Lindsay Clancy sna Stáit Aontaithe an tseachtain seo. I ndiaidh níos mó ná sé lá de dhíospóireacht, ní raibh an giúire ábalta teacht ar chinneadh d'aon ghuth agus mar sin d'fhógair an breitheamh gur míthriail a bhí ann. Admhaíonn Clancy gur mharaigh sí a triúr páistí féin trí bliana ó shin ach maíonn sí go raibh síocóis iarthuismidh uirthi, gur tugadh barraíocht cógas di, agus nach dúnmharú réamhbheartaithe a bhí i gceist. Tá roinnt cásanna dlí ar siúl maidir le míchleachtas leighis. Beidh le feiceáil anois an ndéanfaidh na hionchúisitheoirí iarracht Clancy a chur ar a triail arís.

    Beidh taispeántas úr ag oscailt i Músaem na Breataine an tseachtain seo agus Taipéis Bayeux le feiceáil den chéad uair riamh i Londain. Rinneadh an taipéis sna blianta i ndiaidh choncas na Normannach ar Shasana san aonú haois déag nuair a ghlac Liam Concar seilbh ar choróin Shasana, agus léirítear mór-imeachtaí an choncais uirthi, lena n-áirítear Cath Hastings agus bás Harold Godwinson, an rí deireanach de chuid na nAngla-Shacsanach. Tá an Taipéis ar cheann de na saothair ealaíne is cáiliúla agus is stairiúla ar domhan, agus beidh sí le feiceáil ón deichiú lá de mhí Mheán Fómhair go dtí an t-aonú lá déag de mhí Iúil an bhliain seo chugainn.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    dornálaí - boxer

    éadrom-mheáchan trom - super lightweight

    cinneadh d'aon ghuth - unanimous decision

    míthriail - mistrial

    síocóis iarthuismidh - postpartum psychosis

    dúnmharú réamhbheartaithe - premeditated murder

    concas - conquest

  12. 29 Lúnasa 2026 (Liatroim)

    8 min

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an naoú lá is fiche de mhí Lúnasa. Is mise Órla Nic Con na Búille.Gortaíodh fear agus bean ina n-ochtóidí go dona tar éis timpiste aonfheithicle …

    Notas del episodio

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an naoú lá is fiche de mhí Lúnasa. Is mise Órla Nic Con na Búille.

    Gortaíodh fear agus bean ina n-ochtóidí go dona tar éis timpiste aonfheithicle ar an M50 i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo. Tharla an timpiste ag Acomhal 10 in aice le sliosbhóthar Bhaile an Mhóta thart ar 3.20pm tráthnóna Dé Céadaoin, 26 Lúnasa. Tuariscítear gur thiomáin an carr tríd an mbacainn ar dhroichead agus gur rolladh sé síos claífort agus isteach ar an M50. Bhí an lána aneas an M50 dúnta ar feadh go leor uaireanta agus bhí malairtí slí i bhfeidhm. Tá an bheirt a bhí sa charr san ospidéal le gortuithe tromchúiseacha. Níor tuairiscíodh aon ghortuithe eile.

    Tá comhaontú déanta ag Meta, an comhlacht taobh thiar de Facebook agus Instagram, chun suas le $16.68 billiún a íoc chun cásanna dlí sna Stáit Aontaithe a réiteach. Chuir 29 stát i leith gur dhear an comhlacht a chuid ardán chun páistí a dhéanamh andúilmhear, gur chuir sé tomhaltóirí amú maidir lena sábháilteacht agus gur bhailigh sé sonraí pearsanta leanaí go míchuí. Mar chuid den chomhaontú, cuirfidh Meta teorainneacha ar úsáid laethúil leanaí agus cuirfidh sé srian ar úsáid na n-ardán san oíche. Neartófar freisin na bearta chun cosc a chur ar leanaí rochtain a fháil ar ábhar nach bhfuil oiriúnach dá n-aois. Cé go bhfuil an comhlacht tar éis comhaontú a dhéanamh, shéan sé aon éagóir. Réitíonn an socrú roinnt cásanna príobháideachais a bhaineann le scannal Cambridge Analytica freisin. Tá na cásanna seo mar chuid de rabharta níos leithne dlíthíochta faoi thionchar na meán sóisialta ar mheabhairshláinte leanaí agus déagóirí. Tá cásanna eile fós ar siúl i gcoinne Meta agus comhlachtaí móra eile sna meáin shóisialta.

    Cuireann Electric Picnic críoch leis an samhradh in Éirinn gach bliain agus, is cuma faoin aimsir, tagann na mílte duine le craic agus spraoi a bhaint as an gceol agus as an gcultúr. D’oscail an fhéile a geataí tráthnóna Déardaoin, agus tá 80,000 duine i láthair sa Sráidbaile, Contae Laoise, faoi láthair. Tá áit faoi leith ag an nGaeilge i gcroílár na féile, le réimse leathan imeachtaí agus ealaíontóirí Gaeilge ar an gclár. Tá timpeall 500 duine ag campáil sa láthair Ghaeltachta, tearmann naofa do na Gaeil. Tá Puball an Phobail laistigh den láthair chomh maith, le seisiúin amhránaíochta agus péinteáil coirp thar an deireadh seachtaine. Le deich mbliana anuas, tá ardán darb ainm An Chollchoill ag cur ceoltóirí agus ealaíontóirí Gaeilge ar stáitse i lár na coille. I mbliana, tá ceol traidisiúnta, hip heap Gaelach, greann, seó solais agus neart eile le feiceáil. Chuir taifeadadh beo den phodchraoladh How to Gael tús spleodrach leis an bhféile inné le roinnt ceol agus craic ón triúr ban iontach. Beidh an ócáid ilteangach filíocht ó bhéal, REIC le Ciara Ní É sa Phuball Gaeilge inniu, an Satharn. Agus amárach, an Domhnach, craolfar clár speisialta ar TG4 le Síomha Ní Ruairc agus John Sharpson, ag ceiliúradh na féile agus na ndaoine a chuireann ar siúl í.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    sliosbhóthar - slip road

    claífort - embankment

    andúilmhear - addicted

    rabharta níos leithne dlíthíochta - wider wave of litigation

    tearmann naofa - sacred sanctuary

    collchoill - hazelwood

  13. 22 Lúnasa 2026 (Luimneach)

    9 min

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniú an dara lá fiche de mhí Lúnasa. Is mise Sibéal Dempsey.Tá treocht atá ag fás agus ag teacht chun cinn in Éirinn de thiománaithe óga ag luasghéarú …

    Notas del episodio

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniú an dara lá fiche de mhí Lúnasa. Is mise Sibéal Dempsey.

    Tá treocht atá ag fás agus ag teacht chun cinn in Éirinn de thiománaithe óga ag luasghéarú ar an mótarbhealach sa treo mícheart. Is cosúil go bhfuil an treocht seo á spreagadh ag ardáin meán sóisialta ar líne, áit a bpostálann na tiománaithe físeáin díobh féin, chun aird agus aitheantas a tharraingt ar líne. Mar thoradh ar thimpiste gluaisteáin Dé Domhnaigh seo caite, a tharla mar gheall ar an tiomáint seo, cailleadh cúigear déagóirí agus fágadh an ceathrar sa charr eile gortaithe go dona. Creideann na Gardaí go raibh na déagóirí ag iarraidh aird na nGardaí a tharraingt mar thuig siad nach mbeadh cead acu iad a leanúint sa treo mícheart ar an mótarbhealach. Ba é seo an dara timpiste de bharr tiomána den sórt sin an mhí seo amháin. Tá beartais leagtha síos ag go leor cuideachtaí meán sóisialta, lena n-áirítear TikTok agus YouTube, a thoirmisceann ábhar a thaispeánann nó a chuireann chun cinn cleasanna nó dúshláin chontúirteacha a d’fhéadfadh díobháil choirp a bheith mar thoradh orthu. Is é an rud a fhágann go bhfuil an fhadhb seo an-deacair do na Gardaí a láimhseáil ná nach gceadaítear déileáil le tóraíochtaí in aghaidh tráchta mar seo ach amháin i gcúinsí eisceachtúla, mar gheall ar na rioscaí a bhaineann leis.

    Tá sé séanta ag Donald Trump go bhfuil caibidlíocht ar siúl idir Washington agus Tehran maidir le Caolas Hormuz a athoscailt, caolas atá dúnta den chuid is mó le beagnach sé mhí le linn an chogaidh idir Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an Iaráin, agus d'fhógair Uachtarán Mheiriceá feachtas ag díriú ag gheilleagar na hIaráine. Tharla an méid seo ag am a raibh an Meabhrán Tuisceana seasca lá, a ba chúis leis an sos cogaidh idir an dá thaobh, díreach tar éis dul in éag. D’athdhearbhaigh an Iaráin roinnt éileamh, lena n-áirítear go gcuirfeadh na Stáit Aontaithe deireadh leis na smachtbhannaí ola ar an Iaráin agus leis an mbac cabhlaigh sa Mhuir Arabach. Cé gur bhagair Trump buamáil a dhéanamh ar Óman freisin "dá mbeadh sé ag cur isteach” ar chainteanna idir na Stáit Aontaithe agus an Iaráin Dé Luain, shéan sé go raibh cainteanna ar bith ar siúl faoin Chéadaoin. Idir an dá linn, tá an Rúis tar éis bagairt a dhéanamh ar an Ríocht Aontaithe go mbeadh ‘iarmhairtí’ tar éis tuairiscí teacht chun cinn go raibh sí ag monarú drón a úsáideann fórsaí na hÚcráine.

    Corónaíodh Caoilfhinn Ní Choiligh, Rós na hIarmhí, mar bhuaiteoir Rós Thrá Lí an tseachtain seo. Tá Caoilfhinn, atá cúig bliana is fiche d’aois, ag obair sa mhiondíol agus í ag déanamh staidéir le bheith ina déantóir gruaige bréige, tar éis di a cuid gruaige a chailleadh de bharr alóipéice nuair a bhí sí cúig bliana déag d’aois. Is í bunaitheoir Hair Loss Haven í freisin, grúpa a chuireann tacaíocht ar fáil do dhaoine eile a bhfuil fadhbanna den chineál céanna acu agus a eagraíonn imeachtaí dóibh. Dúirt sí nach raibh focal le rá aici tar éis di an comórtas a bhuachan Dé Máirt. I measc duaiseanna eile, gheobhaidh sí deontas taistil luach fiche a cúig míle euro; is féidir léi é seo a úsáid chun taisteal ar fud an domhain agus freastal ar imeachtaí ina ról mar Rós Thrá Lí.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    ag luasghéarú - accelerating

    cúinsí eisceachtúla - exceptional circumstances

    caibidlíocht - negotiation

    ag monarú - manufacturing

    miondíol - retail

    bunaitheoir - founder

  14. 15 Lúnasa 2026 (Maigh Eo)

    8 min

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an cúigiú lá déag de mhí Lúnasa. Is mise Oisín Mac Conamhna.Chuir an t-athrú aeráide agus téamh domhanda isteach go mór ar an Eoraip an tseachtain …

    Notas del episodio

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an cúigiú lá déag de mhí Lúnasa. Is mise Oisín Mac Conamhna.

    Chuir an t-athrú aeráide agus téamh domhanda isteach go mór ar an Eoraip an tseachtain seo, le breis agus céad go leith milliún duine faoi theocht de 35 céim nó níos mó Dé hAoine, agus falscaithe ar fud na hilchríche. Is iomaí teach a cailleadh i ndóiteán sa Lár-Réigiún Thiar i Sasana, agus cuireadh naoi ndauine déag chun ospidéil ann. Cailleadh duine i bhfalscaí sa Chróit, agus d’aistrigh níos mó ná míle duine amach as an gceantar údaí. Bhí falscaithe móra eile sa Ghréig, sa Ghearmáin, sa Fhrainc, agus sa Spáinn. Tógadh amach taisce na mainistreacha San Juan de la Pena in Aragón i dtuaisceart na Spáinne, ar fhaitíos go gcaillfí é i bhfalscaí atá ag díriú ar na mainistreacha; agus bhí ar an Rómáin a n-imoibreoir núicléach a mhúchadh, toisc easpa uisce in abhainn na Danóibe.

    Bhí lá iontach ag Éirinn ag Craobhchomórtais na hEorpa in Birmingham Déardaoin. Bhain Mark English, ó Leitir Ceanainn, Dún na nGall, bonn óir sa rás ceannais ocht gcéad méadar, in éis dó ceithre bhonn cré-umha agus bonn airgid a bhaint ag comórtais eile. Is eisean an chéad fhear a bhain bonn óir d’Éirinn riamh i gCraobhchomórtais na hEorpa, agus é sé bliana níos sine ná éinne eile sa rás ceannais. Fiche nóiméad níos déanaí, bhain Rhasidat Adeleke, ó Thamhlacht, Baile Átha Cliath, an bonn airgid dhá chéad méadar, ar an líne, le curiarracht náisiúnta nua de 22.28 soicind.

    Bhí urú na gréine le feiceáil ar fud iarthar na hEorpa Dé Céadaoin. Páirturú a bhí ann den chuid is mó, acht i gconair chúng a thosaigh i dtuaisceart na Sibéire, agus a chuaigh trí oirthear na Graonlainne, iarthar na hÍoslainne, tuaisceart na Spáinne, agus na hOileáin Bhailéaracha, bhí lánurú ann. Tá lánuraithe na gréine thar a bheith speisialta agus annamh, agus is le linn lánurú amháin atá sé sábháilte chun breathnú ar an ngrian le súile nochta. Is ar éigean a sheachain conair an lándorchadais cósta thiar na hÉireann, ina raibh páirturú domhain, agus scamaill ar fud na tíre faraor; acht in Zaragoza i dtuaisceart na Spáinne, a bhí faoi spéir ghlan i gconair an lándorchadais, bhí radharc aoibhinn álainn le feiceáil thart ar a leathuair in éis a hocht sa tráthnóna, nuair a chuaigh an ghealach trasna aghaidh na gréine go hiomlán, go híseal thar fhíor na spéire san iarthuaisceart. Ag tús an lánuraithe, bhí léiriú láidir den fheiniméan ar a dtugtar an “fáinne diamaint”, nuair a thaibhsíonn atmaisféar na gréine timpeall na gealaí, le ponc amháin d’aghaidh na gréine fós ag lasadh trí ghleann ar imeall na gealaí ar nós seoide. In éis an fháinne diamaint, bhí starraiceachta brúchtacha gréine gléigeala bándearga le feiceáil go soiléir le súile nochta timpeall an diosca dubh na gealaí, suite i lonradh airgid ainglí na corónach, an t- atmaisféar taobh amuigh den ghrian, uilig leabaithe i spéir neamhshaolta dhorcha. Bhí daoine ag gáir agus ag gol le hionadh agus le háthas, agus in éis [canúint; in áit “tar éis”] ceithre scór is ceathair soicind d’iontas agus de dhraíocht, bhí an lánurú thart. Beidh lánurú na gréine eile le feiceáil ar an dara lá de mhí Lúnasa an bhliain seo chugainn, i ndeisceart na Spáinne, i dtuaisceart agus Adharc na hAfraice, agus i Leithinis na hAraibe.

    *

    Léirithe ag conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    ilchríoch - continent

    imoibreoir núicléach - nuclear reactor

    in éis - after (canúint Mhaigh Eo)

    súile nochta - naked eyes

    conair - path

    starraiceachta brúchtacha gréine - solar flares

  15. 8 Lúnasa 2026 (Dún na nGall)

    6 min

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an t-ochtú lá de mhí Lúnasa. Is mise Alanna Ní Ghallachóir.Tá an Iaráin agus Óman tar éis teacht ar shocrú ag díriú ar chúrsa do longa frí Chaolas …

    Notas del episodio

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an t-ochtú lá de mhí Lúnasa. Is mise Alanna Ní Ghallachóir.

    Tá an Iaráin agus Óman tar éis teacht ar shocrú ag díriú ar chúrsa do longa frí Chaolas Hormuz, agus oíche Dé Céadaoin, bhí siad ag cur bailchríoch ar phlean chun an pasáiste a chomhbhainistiú, a dúirt urlabhraí thar ceann aireacht gnóthaí eachtracha Tehran. Ghabháil an Iaráin seilbh de facto ar an chaolas, atá ina uiscebhealach straitéiseach don tradáil fuinnimh domhanda, ó thosaigh na Stáít Aontaithe agus Iosrael ionsaí in aghaidh na hIaráine ar 28 Feabhra i mbliana. Tá sé ráite ag Uachtarán na Stát Aontaithe arís agus arís eile go bhfuil an-dúil ag an Iaráin i mbeart a dhéanamh leis an chúrsa a athfhoscailt do loingeas, ach séanann an Iaráin é seo agus deir go ndéanfaidh siad socruithe lena gcomharsa traschaolais, Óman. Roimh an chogadh, chuaigh thart ar an chúigiú cuid den ola domhanda agus onnmhairí LNG frí Hormuz, agus tharla borradh praghsanna arís agus arís eile ó thús an aighnis faoin uiscebhealach, ag cur leis an bhrú geilleagrach agus polaitiúil ar Washington críoch a chur leis an chogadh.

    Gabhadh bean i lár Londan as ionsaí sá “fánach” ar cheathrar fear le linn na seachtaine, eachtra a bhí ina hionsaí “scoite” a bhain le meabharshláinte, de réir póilíní. Tharla an t-ionsaí ag am lóin in Covent Garden, ceantar túrasóireachta na príomhchathrach atá lán le tithe tabhairne, amharclanna agus bialanna. Fuair beirt fhear cóir leighis san ospidéal le haghaidh gortuithe nár chur i mbaol a mbáis iad. Coinníodh an bhean faoi choimeád tar éis di a ghabháil as arm ionsaitheach a bheith ina seilbh, a chreidtear gur siosúr a bhí ann, agus as ionsaí a dhéanamh.

    Dé Domhnaigh seo caite, cuireadh tús oifigiúil le ceiliúradh cheol agus chultúr na hÉireann i lár Bhéal Feirste, agus baineadh triail as uaireanta foscailte breise do shiopaí. Rithfidh Fleadh na hÉireann go dtí an Domhnach 9 Lúnasa, le breis agus 200 imeacht agus 180 comórtas ceoil ag ionaid éagsúla, tithe tábhairne agus ar na sráideanna. Meastar gur tháinig 170,000 cuairteoir chuig lár na cathrach Dé Domhnaigh agus 165,000 Dé Luain, agus táthar ag súil go sárófar an réamh-mheas roimh ré de 800,000 cuairteoir. Seo í an chéad bhliain inar tharla an fhéile cheoil bhliantúil i mBéal Feirste agus an darna huair a raibh sí lonnaithe i dTuaisceart Éireann, tar éis di a bheith i nDoire in 2013. Fógraíodh an t-imeacht i mbliana mar an t-imeacht ina bhfuil an éagsúlacht chultúrtha is fearr i stair na féile, le rannpháirtíocht trasphobail agus ceiliúradh traidisiún um Tuaisceart Éireann agus níos faide i gcéin.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    bailchríoch - finishing touches

    loingeas - shipping

    ionsaí sá - stabbing attack

    gortuithe nár chur i mbaol a mbáis iad - non life-threatening injuries

    réamh-mheas - projection

    rannpháirtíocht trasphobail - cross-community participation


  16. 1 Lúnasa 2026 (Tiobraid Árann)

    6 min

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an chéad lá de mhí Lúnasa. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loingsigh.Tar éis seachtó cúig bliain briseadh an mhallacht a bhí ar fhoireann peile …

    Notas del episodio

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an chéad lá de mhí Lúnasa. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loingsigh.

    Tar éis seachtó cúig bliain briseadh an mhallacht a bhí ar fhoireann peile Chontae Mhaigh Eo. Tá ceiliúradh fós ar siúl ar fud an chontae beagnach seachtain ón mbua mothúchánach i gCluiche Ceannais Peile na hÉireann Dé Domhnaigh seo caite. D’imir an fhoireann in aghaidh na gcuradh, Ciarraí, a bhí ag tnúth leis an gcorn a bhuachaint don daicheadú huair.. Ag tús an chluiche bhí cuma láidir ar Chiarraí ach tháinig Maigh Eo ar ais ag troid agus lean cluiche sceitimíneach, lán le teannas. Ar deireadh bhuaigh Maigh Eo le cúl amháin agus fiche cúilín in aghaidh cúl amháin agus seacht gcúilín déag ag Ciarraí. Ag imirt ar an lá bhí roinnt imreoirí óga a raibh aird mór orthu, go háirithe Kobe McDonald, mac le Ciarán McDonald a d’imir i gceithre chluiche ceannais gan an bua a fháil i rith a ghairme féin, trí cheann díobh i gcoinne Chiarrai. Lá speisialta a bhí ann don iar-imreoir Andy Moran a thóg Corn Mhig Uidhir abhaile ina chéad bhliain mar bhainisteoir. Beidh deis eile ag Ciarraí an bua a bhaint amach i gCluiche Ceannais Peile na mBan, a bheidh á imirt i bPáirc an Chrócaigh amárach, an dara lá de mí Lúnasa, idir Ciarraí agu Gaillimh.

    Tá ómós á thabhairt ó gach cearn den domhan tar éis bhás tragóideach an cheoltóra Glen Hansard maidin Dé Céadaoin ag aois 56. Basaíodh é i dtimpiste gluaisrothair agus é ag taisteal abhaile ó theach tábhairne darb ainm The Wren’s Nest sna Ceapóga Sú Talún, áit a raibh sé ag seinnt níos luaithe san oíche. Tá cáil ar Hansard as a mbanna ceoil The Frames, a bhunaigh sé in 1990, as a chuid saothar mar cheoltóir aonair agus as rólanna sna scannáin The Commitments agus Once. Bhuaigh sé Oscar le Markéta Irglová don amhrán nuachumtha is fearr dá amhrán “Falling Slowly” ar fhuaimrian Once. Bhí clú air freisin as a chuid gníomhaíochais agus daonchairdis. Tháinig na mílte daoine le chéile i mBaile Átha Cliath sna laethanta tar éis a bháis ag buscáil ina onóir. Beidh tórramh poiblí dó i mBaile Átha Cliath Dé Luain agus sochraid phríobháideach Dé Máirt. Beidh sé i gcuimhne go háirithe ag a bhean chéíle Maire Saaritsa agus a mhac óg.

    Tá brú mór ar Uachtarán FIFA Gianna Infantino tar éis dó plean a fhógairt chun chuid de chomhlacht Chorn an Domhain a dhíol le hinfheisteoirí príobháideacha. Dhiúltaigh roinnt cumann an plean, lena n-áirítear cumainn ón Eoraip, ón Áis, ó Mheiriceá Thuaidh agus Láir, agus ó réigiún Mhuir Chairib. Dúirt UEFA nach n-imreoidh aon fhoireann Eorpach i gcluichí FIFA go dtí go bhfuil stop iomplán curtha leis an bplean. D’éirigh comhairleoir Infantino Carlos Cordeiro as a ról mar agóid freisin. Seans mór go gcaillfidh Infantino a phost mar Uachtarán FIFA mar thoradh air seo, agus stair chonspóideach aige cheana sa ról. Beidh foireann na mban na hEireann ag tnúth le réiteach go háirithe, agus deis acu cáiliú do Chorn an Domhain ag teacht go luath.





    mallacht - curse

    bua mothúchánach - emotional victory

    na Ceapóga Sú Talún - Strawberry Beds



    infheisteoirí - investors


  17. 25 Iúil 2026 (Tír Eoghain)

    9 min

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an cúigiú lá is fiche de mhí Iúil. Is mise Niall Ó Siadhail. Tháinig deireadh le dhá chomórtas spóirt mór le rá Dé Domhnaigh seo caite. Sa …

    Notas del episodio

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an cúigiú lá is fiche de mhí Iúil. Is mise Niall Ó Siadhail.

    Tháinig deireadh le dhá chomórtas spóirt mór le rá Dé Domhnaigh seo caite. Sa tráthnóna, bhuaigh Luimneach Craobh Iomána na hÉireann den séú huair le naoi mbliana anuas. Bua compordach a bhí ann do Chontae an Chonartha agus agdeireadh an chluiche bhí cúl amháin agus naoi gcúilín is fiche acu in aghaidh cúl agus ocht gcúilín déag de chuid na Gaillimhe. Níor bhain Fir na dTreabh Corn Liam Mhic Cárthaigh ó bhí 2017 ann. Ina dhiaidh sin, oíche Dé Domhnaigh, imríodh cluiche ceannais Chorn an Domhain in New Jersey, agus bhí an bua ag an Spáinn den dara huair i stair na tíre. Bhí smacht láidir acu ar an chluiche,agus níor éirigh leis an Airgintín an liathróid a thabhairt dá gceannaire, Lionel Messi, a bhí ag imirt i gCorn an Domhain den uair dheireanach agus é naoi mbliana is tríocha d'aois. Ba é Kylian Mbappé a bhuaigh an Bhróg Órga, agus deich gcúl scóráilte aige le linn an chomórtais. Beidh cluiche ceannais Chraobh Peile na hÉireann ar siúl amárach, agus na curaidh reatha Ciarraí ag tabhairt aghaidh ar Mhaigh Eo.

    Tá na húdaráis sa Spáinn agus sa Fhrainc ag streachailt le smacht a choinneáil ar fhalscaithe atá ag scaipeadh mar gheall ar an tonn teasa san Eoraip. Bhí ar níos mó ná ceathrú milliúin duine an baile a fhágáil de bharr na dtinte, go háirithe gar do Bordeaux in iardheisceart na Fraince agus in Ávila, lastiar de Mhaidrid. D'éiligh Príomhaire na Spáinne Pedro Sanchez "Comhaontú Náisiúnta in aghaidh na hÉigeandála Comhshaoil" le dul ingleic leis an ghéarchéim. Bhí falscaí in Am Monadh Ruadh in Albain fosta, agus aslonnaíodh sráidbhaile darb ainm Nethy Bridge. Meastar nach mbeidh mórán fearthainne ann don chuid eile de mhí Iúil.

    Fuair buachaill óg ó Bhéal Feirste aistriú croí Dé Máirt. Tá siondróm hipeapláiseach croí clé ar Dháithí Mac Gabhann ó rugadh é sa bhliain 2016, rud a chiallaíonn nár cruthaíodh taobh clé a chroí i gceart. Chuaigh Dáithí faoi scian in Newcastle i dtuaisceart Shasana agus dúirt a athair Máirtín go bhfuil a bheola bándearg den chéad uair riamh, mar go raibh dath gorm orthu roimhe seo. Tugadh dlí úr isteach trí bliana ó shin ar a dtugtar 'Dlí Dháithí', le go mbeidh daoine ina ndeontóirí orgáin go huathoibríoch, muna bhfuil sé ráite go soiléir nár mhaith leo a bheith.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    Contae an Chonartha - the Treaty County

    Fir na dTreabh - the Tribesmen

    falscaithe - wildfires

    Am Monadh Ruadh - the Cairngorms (Gàidhlig na hAlban)

    siondróm hipeapláiseach croí clé - hypoplastic left heart syndrome

    deontóirí orgáin - organ donors

  18. 18 Iúil 2026 (Gaillimh)

    7 min

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an t-ochtú lá déag de mhí Iúil. Is mise Eoin Ó Seachnasaigh.I ndiaidh cúpla seachtain dhrámatúil i bpolaitíocht na Breataine, tá an Feisire …

    Notas del episodio

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an t-ochtú lá déag de mhí Iúil. Is mise Eoin Ó Seachnasaigh.

    I ndiaidh cúpla seachtain dhrámatúil i bpolaitíocht na Breataine, tá an Feisire Parlaiminte nuathofa do Makerfield, Andy Burnham,ar tí seilbh a ghlacadh ar Uimhir 10 Sráid Downing. Cé go bhfuair Burnham, a bheidh ina sheachtú Príomh-Aire ar an mBreatain le deich mbliana anuas, ainmniúcháin ó 322 de na 403 Feisire de chuid Pháirtí an Lucht Oibre, tá dúshláin go leor roimhe anois,agus gan ach trí bliana fágtha den téarma rialtais. Beidh na fadhbanna tromchúiseacha ba chúis le titim a réamhtheachtaí, Sir Keir Starmer, faoi chúram iar-Mhéara Mhanchain go luath, lena n-áirítear míshástacht an phobail leis an rialtas, na géarchéimeanna leanúnacha sa Mheánoirthear agus an brú atá ag teacht ó ghrúpaí éagsúla chun caiteachas cosanta a mhéadú gan cáin ioncaim a ardú. Ní hé Burnham an t-aon pholaiteoir mór le rá sa Bhreatain atá i gcruachás faoi láthair, áfach. Tá ceisteanna crua le freagairt ag a phríomh-iomaitheoir, Nigel Farage, ceannaire an pháirtí Reform UK, tar éis teacht chun solais gur ghlac Farage le cúig mhilliún punt ó bhilliúnaí criptea-airgeadra. I measc ábhair imní gur sciúradh airgid a bhí ar siúl, tá an síntiús á fhiosrú anois ag an National Crime Agency, agus idir an dá linn, tá Farage tar éis éirí as a phost mar Fheisire Parlaiminte do Clacton, agus é ag súil go léireodh fothoghchán úr tacaíocht an phobail dó féin agus don mhaíomh gur íospartach den chóras oifigiúil é. Mar fhreagra, tá sé fógartha ag Páirtí an LuchtOibre, na Coimeádaigh, na Glasaigh agus na Daonlathaithe Liobrálacha nach mbeidh siad ag seasamh san fhothoghchán, agus is cosúil gurb é cuairteoir ón spás amuigh, darb ainm Count Binface, a bheidh ina phríomh-iomaitheoir do Farage.

    Dea-scéala do lucht leanúna an cheoil Éireannaigh a nascann an traidisiún leis an turgnamh, tá Trá Pháidín ar ais le halbam nua, go gairid i ndiaidh An A24 ón mbliain seo caite. Tarraingíonn an t-albam nua, Cloch ‘s Claí, inspioráid ón úrscéal aoiriúil cáiliúil le Myles na gCopaleen, An Béal Bocht, agus pléann sé an gaol idir an Ghaeltacht agus an chuid eile d’Éirinn chomhaimseartha, agus béim ar leith á cur ar chúrsaí tithíochta, ar fhadhbannaeacnamaíocha agus ar cheisteanna féiniúlachta. Is é seo an chéad eisiúint ag an ngrúpa ar an lipéad World of Echo, atá lonnaithe i Londain, agus a dhíolann ceirníní ó cheoltóirí ceannródaíocha ar fud an domhain, agus mar thoradh air sin,tabharfaidh sé deis do lucht éisteachta idirnáisiúnta aithne a chur ar an dream as Conamara.

    Tar éis 102 cluiche agus breis agus mí a bhí lán de scileanna iontacha, botúin thubaisteacha, taispeántais laochúla, moilleanna de bharr VAR agus conspóid pholaitiúil, tá Corn an Domhain ag druidim chun deiridh. Cé gurb iad an Spáinn rogha na coitiantachta, tar éis dóibh an Fhrainc a shárú in Dallas oíche Dé Máirt, le cúil ó Mikel Oyarzabal agus Pedro Porro, beidh neart le déanamh acu chun an lámh in uachtar a fháil ar an Airgintín, atá ag filleadh ar an gcluiche ceannais mar seaimpíní gan chloí tar éis bua cáiliúil i gcoinne Shasana ag Staid Atlanta oíche Dé Céadaoin. Níos cóngaraí don bhaile, ar lá spóirt lán le haicsean, fillfidh Gaillimh ar Chluiche Ceannais Iomána na hÉireann den chéad uair ó 2018, agus iad ag tabhairt aghaidh ar fhoireann Luimnigh atá sa tóir ar a séú theideal in ocht mbliana. Beidh Gaillimh ag súil go mbeidh an tosaí Rory Burke i mbarr a réime arís tar éis an gortú a d’fhulaing sé i gcluiche ceannais Laighean, agus tá faoiseamh ar fhir na Mumhan go bhfuil a gcaptaen, Cian Lynch, réidh le himirt tar éis dó a bheith as láthair ón mbua ar Chontae an Chláir.

    *

    GLUAIS

    réamhtheachtaí - predecessor

    spás amuigh - outer space

    turgnamh - experiment

    aoiriúil - satirical

    rogha na coitiantachta - the favourite to win

    i mbarr a réime - at the top of his game

  19. 11 Iúil 2026 (An Dún)

    8 min

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an t-aonú lá déag de mhí Iúil. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh.Labhair Colm Mac Eachmharcaigh, Comhordaitheoir Tithe Folmha sa Ghaeltacht ar an …

    Notas del episodio

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an t-aonú lá déag de mhí Iúil. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh.

    Labhair Colm Mac Eachmharcaigh, Comhordaitheoir Tithe Folmha sa Ghaeltacht ar an chlár Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta an tseachtain seo faoin difear a dhéanfadh sé dá gcuirfí 10% de thithe folmha ar fáil do chainteoirí dúchais Gaeilge na nDéise. Agus é ag labhairt ar na deacrachtaí atá aitheanta sna ceantair Ghaeltachta maidir le tithíocht do dhaoine le Gaeilge, dúirt Mac Eachmharcaigh go bhfuil na ceantair Ghaeltachta iontach gar do bhailte móra, agus go bhfuil an-éileamh ar thithíocht iontu ó dhaoine a bhfuil Gaeilge acu agus ó dhaoine nach bhfuil Gaeilge acu. Dar leis an daonáireamh deireanach, tá 172 teach folamh i nGaeltacht na nDéise, líon réasúnta ard nach bhfuil chomh hard céanna le ceantair Ghaeltachta eile timpeall na tíre. Dúirt Mac Eachmharcaigh fosta go bhfuiltear ag iarraidh ar dhaoine atá ag díol tithe faoi láthair an Ghaeilge a thabhairt san áireamh agus iad ag smaoineamh ar cé leo a ndíolfaidh siad a dteach. Dá n-éireodh leis an fheachtas seo tá Mac Eachmharcaigh den tuairim go gcuirfeadh sé go mór le spiorad pobail. Dúirt sé go bhfuil cumhacht ag úinéirí tí pobal na Gaeilge a neartú, dá mba mhian leo.

    Tá fear 26 bliain d'aois gafa ag póilíní sa Ríocht Aontaithe ar amhras gur dhúnmharaigh sé an t-iar-pholaiteoir Ann Widdecombe. Dúirt Póilíní Devon agus Cornwall gur glaodh ar oifigigh chuig seoladh in Haytor ag 11.40am inné agus fuarthas Ms Widdecombe marbh, i ndiaidh di gortuithe tromchúiseacha a fháil. Dúirt na póilíní gur ghabh siad fear geal Briotanach. Dúirt Leas-Phríomhchonstábla Póilíní Devon agus Cornwall, Matt Longman ag preasagallamh nach raibh bás Ms Widdecombe á chóireáil mar eachtra sceimhlitheoireachta agus nach raibh aon chúis ag na póilíní a chreidiúint go raibh sé spreagtha go polaitiúil. "Tá bleachtairí ó fhoireann imscrúdaithe coireachta móra an fhórsa tar éis imscrúdú dúnmharaithe a sheoladh, agus tá siad ag déanamh fiosrúchán fairsing ar bhás Ms Widdecombe," a dúirt sé.
    Cuireadh macasamhail moisc trí thine ar thine chnámh i gContae Thír Eoghain, díreach seachtainí i ndiaidh do dhaoine sna 6 chontae teitheadh óna dtithe le linn círéibeacha ciníocha, an tseachtain seo. Cuireadh an tsamhail ar bharr na tine chnámh i Maigh gCaisil Dé Céadaoin agus lasadh í tráthnóna Déardaoin. Tá úinéirí gnó, eagraíochtaí pobail agus reiligiúnacha chomh maith le roinnt daoine a bhfuil cónaí orthu i dTuaisceart Éireann ag roinnt a n-imní. Tá eagla ann, ag leanúint ó thrí shamhradh círéibeacha, go bhfuil an Ioslamafóibe i dTuaisceart Éireann ag dul in olcas. Dúirt cathaoirleach Chomhairle Síochána agus Lánpháirtíochta Moslamach na hÉireann: "Ní ráiteas polaitiúil é seo dúinne, is teachtaireacht eisiaimh agus imeaglaithe é dúinne, nár chóir do dhaoine bheith ar a suaimhneas anseo." "Tá an ceart ag daoine a gcuid traidisiún a cheiliúradh agus a gcuid tinte cnámh a bheith acu, ach sílim nuair a chuireann tú bratacha, nuair a chuireann tú pictiúir de cheannaire polaitiúil, nuair a chuireann tú moscanna ar bharr na dtinte cnámh seo, nach traidisiún é a thuilleadh, is fuath é go bunúsach, is imeaglú é. Ní cultúr é seo a thuilleadh." Dúirt sé fosta go mbraitheann sé go bhfuil tacaíocht ó na póilíní agus ó cheannairí eaglaise eile. "Mar phobal Moslamach, tá a fhios againn go bhfuil formhór na ndaoine i dTuaisceart Éireann an-fháilteach agus an-chineálta," a dúirt sé, ach chuir sé leis go bhfuil na cineálacha eachtraí seo ag méadú.







    gortuithe tromchúiseacha - serious injuries

    fiosrúchán - investigation



  20. 4 Iúil 2026 (Ard Mhacha)

    10 min

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an ceathrú lá de mhí Iúil. Is mise Barra Mac Giolla Aoláin.Bhí deireadh seachtaine iontach peile i bPáirc an Chrócaigh agus níl fágtha anois ach …

    Notas del episodio

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an ceathrú lá de mhí Iúil. Is mise Barra Mac Giolla Aoláin.

    Bhí deireadh seachtaine iontach peile i bPáirc an Chrócaigh agus níl fágtha anois ach ceithre fhoireann i gCraobh na hÉireann. Dé Sathairn, bhuaigh Maigh Eo ar Chorcaigh tar éis cluiche den scoth. Sa dara cluiche an lá sin, bhí an bua ag Ciarraí ar Thír Eoghain — cluiche an-sciobtha, scóráil ard agus toradh an-chóngarach ag an deireadh. Dé Domhnaigh bhí bua stairiúil ag Contae Lú nuair a sháraigh siad Muineachán chun áit a bhaint sa chluiche leathcheannais den chéad uair ó bhí 1957 ann. Bhí cluiche deacair ag Baile Átha Cliath i gcoinne na Gaillimhe, ach d’éirigh leo an bua a fháil i ndiaidh dráma agus conspóide. Rinneadh an tarraingt oifigiúil Dé Domhnaigh agus mar sin, beidh Baile Átha Cliath ag imirt i gcoinne Ciarraí, agus Lú ag tabhairt aghaidh ar Mhaigh Eo sa bhabhta leathcheannais. Beidh na cluichí sin ar siúl an deireadh seachtaine seo chugainn.

    Tar éis do Sir Keir Starmer a fhógairt go mbeidh sé ag éirí as ról an Phríomh-aire, tá Feisire Makerfield Andy Burnham ar tí an post is mó i saol na polaitíochta sa Ríocht Aontaithe a bhaint amach i lár mhí Iúil. De réir tuairiscí, táthar ag súil go rithfidh sé gan iomaíocht i dtoghchán ceannaireachta Pháirtí an Lucht Oibre. Ina chéad óráid mhór maidir le polasaithe i Manchain an tseachtain seo, leag Burnham amach plean radacach chun an tír a athrú ó bhonn. Bunóidh sé an dara hoifig rialtais i Manchain chun cumhacht a tharraingt amach ó Londain. Dúirt sé go mbeidh plean fadtéarmach ann chun tithe sóisialta a thógáil agus printíseachtaí teicniúla a chur ar comhchéim le céimeanna ollscoile. Gheall sé go gcloífidh sé le rialacha Pháirtí an Lucht Oibre chun na margaí a chur ar a suaimhneas agus cobhsaíocht eacnamaíoch a chinntiú. Beidh níos mo eolais againn go luath.

    De réir seandálaithe, d’fhéadfadh ceann de na lonnaíochtaí is sine san Eoraip a bheith suite díreach lasmuigh de chathair Ard Mhacha. Tá Lios Uí Eochaidh gar don suíomh cáiliúil Eamhain Mhacha, áit ar tugadh “príomhchathair na hIarannaoise i gCúige Uladh” uirthi, agus ina raibh Rí Uladh Conchúr Mac Neasa ina chónaí sna scéalta miotaseolaíochta. Deir saineolaithe ó Ollscoil na Banríona agus ó Ollscoil Ghlaschú go raibh Lios Uí Eochaidh ina lárionad rathúil le linn na Cré-umhaoise Deireanaí —timpeall 400 bliain níos luaithe ná mar a ceapadh roimhe seo. Dúirt an seandálaí Patrick Gleeson go bhfuil an suíomh seo ar cheann de na tírdhreacha stairiúla is tábhachtaí in iarthar na hEorpa don tréimhse sin.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    bua stairiúil - historic victory

    conspóid - controversy

    Feisire - MP

    printíseachtaí teicniúla - technical apprenticeships

    seandálaithe - archaeologists

    tírdhreacha - landscapes


  21. 27 Meitheamh 2026 (Baile Átha Cliath)

    5 min

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an seachtú lá is fiche de mhí an Mheithimh. Is mise Liam Ó Brádaigh. I Veiniséala, mharaigh dhá chrith talún cumhachtach 589 duine ar a laghad …

    Notas del episodio

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an seachtú lá is fiche de mhí an Mheithimh. Is mise Liam Ó Brádaigh.

    I Veiniséala, mharaigh dhá chrith talún cumhachtach 589 duine ar a laghad agus gortaíodh beagnach 3,000. Tráthnóna Dé Céadaoin, braitheadh na creathanna talún, a thomhais 7.2 agus 7.5 ar scála Richter, ar fud an réigiúin. Tá scriosadh foirgneamh agus bóithre forleathan. Tuairiscítear go bhfuil na mílte fós ar iarraidh ar fud na tíre agus foirne tarrthála áitiúla agus idirnáisiúnta ag cuardach marthanóirí. D’fhógair an t-uachtarán eatramhach Delcy Rodriguez staid éigeandála i n-aitheasc don náisiún Dé Céadaoin. Dúirt sí go raibh an rialtas ag cruthú ciste atógála d’ospidéil agus do thithe a ndearnadh damáiste dóibh de bharr na gcreathanna talún.

    Ciontaíodh iarcheannaire an DUP, Jeffrey Donaldson, i ngach ceann de na 18 gcúiseamh mí-úsáide gnéis leanaí ina choinne, lena n-áirítear éigniú. Fuair an giúiré freisin gur chabhraigh agus gur spreag a bhean chéile, Eleanor, leis, ach níor ciontaíodh í mar gheall ar neamhábaltacht triail a sheasamh. D’aontaigh ionadaithe ó dhá thaobh an deighilt pholaitiúil sa Tuaisceart ina gcáineadh ar iarcheannaire an DUP ag tús ghnó an Tionóil Dé Máirt agus mhol polaiteoirí misneach íospartaigh Donaldson as na líomhaintí a thabhairt chun cinn . Bhí an ceannaire cumhachtach agus suntasach roimhe seo tar éis é féin a chur i láthair mar dhuine a thacaigh le luachanna láidre Críostaí. Ó tugadh an breithiúnas, tá tuilleadh nochtuithe déanta ag iar-oifigigh shinsearacha póilíní agus polaiteoirí faoi iompar bréagchráifeach Donaldson.

    Tá an tonn teasa tubaisteach ag cur isteach ar an saol in iarthar na hEorpa, go háirithe i Sasana, sa Fhrainc, sa Spáinn agus san Iodáil. Sa Ríocht Aontaithe dhún go leor scoileanna agus gnólachtaí go luath mar gheall ar an teas dian agus tá rabhaidh ann faoi mhoilleanna agus cealuithe traenacha de réir mar a sháraíonn an teocht 37C. Tá cruinneachán teasa tar éis teochtaí a bhrú os cionn 40 céim i gcodanna d'Iarthar na hEorpa an tseachtain seo, rud a d'fhág na céadta marbh. In Éirinn tá rabhaidh tugtha faoi stoirmeacha toirní atá ar tí tarlú ar fud na tíre.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    marthanóirí - survivors

    uachtarán eatramhach - interim president

    nochtuithe - revelations

    bréagchráifeach - hypocritical

    tonn teasa - heat wave

    cruinneachán teasa - heat dome

  22. 20 Meitheamh 2026 (Luimneach)

    6 min

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniú an fichiú lá de mhí an Mheithimh. Is mise Sibéal Dempsey.Tá comhaontú ceithre phointe dhéag sínithe ag Donald Trump leis an Iaráin, ag maíomh gur …

    Notas del episodio

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniú an fichiú lá de mhí an Mheithimh. Is mise Sibéal Dempsey.

    Tá comhaontú ceithre phointe dhéag sínithe ag Donald Trump leis an Iaráin, ag maíomh gur thug sé “bua mór” do na Stáit Aontaithe agus gur athoscail Caolas Hormuz dá bharr. Deirtear, áfach, gur thug an margadh lamháltais shuntasacha pholaitiúla agus airgeadais don Iaráin. I measc na lamháltas sin tá deireadh láithreach le bac cabhlaigh na Stát Aontaithe ar chalafoirt na hIaráine, eisiúint maithiúnais le haghaidh amhola Iaráineach a sheoladh thar lear, chomh maith leis an bhféidearthacht go n-ardófaí gach smachtbhanna idirnáisiúnta i gcoinne na hIaráine, agus scaoileadh saor na mbilliún dollar i sócmhainní na hIaráine. Dúirt Uachtarán na Fraince, Emmanuel Macron, gur “margadh an-mhaith” a bhí ann, ag cur leis go dtacaíonn comhghuaillithe na Stát Aointaothe sa G7 leis “toisc gur comhaontú é a chuireann deireadh le staid éagobhsaíochta móire a raibh iarmhairtí uafásacha aige dár ngeilleagair”.

    Vótáil na Teachtaí Dála i nDáil Éireann i bhfabhar deireadh a chur leis an tréimhse feithimh éigeantach trí lá le haghaidh ginmhillte. Ritheadh an vóta ar bhille Shinn Féin le sé vóta is ochtó i gcoinne seachtó. Táthar ag súil anois go gcuirfear an bille faoi bhráid an choiste sláinte le haghaidh tuilleadh scrúdaithe. Deir cuid de na daoine a vótáil ina choinne gurbh é ceann de na coinníollacha le haghaidh vótála sa reifreann roimhe seo an tréimhse feithimh trí lá seo. Ar an lámh eile, tá Páirtí an Lucht Oibre ag iarraidh go ndéanfaí athchóirithe níos faide. Mar sin féin, faoi láthair tá tréimhse feithimh trí lá idir comhairliúcháin dochtúra teaghlaigh agus ginmhilleadh suas le dhá sheachtain déag.

    Deir an Taoiseach go bhfuil Éire ‘ag féachaint ar thoirmeasc’ ar na meáin shóisialta do dhaoine faoi bhun sé bliana déag d’aois tar éis don Ríocht Aontaithe toirmeasc sínte a fhógairt. Dúirt sé, áfach, go leanfaidh beartas na hÉireann seasamh an Aontais Eorpaigh seachas toirmeasc aonair a leagan síos. Tá sé seo amhlaidh in ainneoin go bhfuil roinnt airí sinsearacha i bhfabhar an toirmisc, agus go bhfuil toirmisc aonair curtha i bhfeidhm ag tíortha eile san Aontas Eorpach amhail an Phortaingéil cheana féin. Áireofar leis an toirmeasc sa Ríocht Aontaithe na suíomhanna meán sóisialta caighdeánacha chomh maith le gníomhaíochtaí eile amhail sruthú ar shuíomhanna cearrbhachais, agus compánaigh intleachta saorga, rud a théann níos faide ná an toirmeasc a thug an Astráil isteach ar dtús.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    lamháltais - concessions

    bac cabhlaigh - naval blockade

    tréimhse feithimh éigeantach - mandatory waiting period

    ginmhilleadh - abortion

    toirmeasc - prohibition

    suíomhanna cearrbhachais - gambling sites

    compánaigh intleachta saorga - AI companions

  23. 13 Meitheamh 2026 (Liatroim)

    9 min

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.Inniu an tríú lá déag de mhí an Mheithimh. Is mise Órla Nic Con na Búille.Foilsíodh tuairisc dheiridh Choimisiún Imscrúdaithe an Oirdheiscirt an …

    Notas del episodio

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    Inniu an tríú lá déag de mhí an Mheithimh. Is mise Órla Nic Con na Búille.

    Foilsíodh tuairisc dheiridh Choimisiún Imscrúdaithe an Oirdheiscirt an tseachtain seo maidir le líomhaintí drochúsáide gnéasaí leanaí i gcoinne Bill Kenneally. Deirtear sa tuairisc gur theip go tromchúiseach ar bheirt oifigeach sinsearach den Gharda Síochána gníomhú i gceart nuair a tháinig líomhaintí chun cinn in 1987. Cé gur admhaigh Kenneally cuid dá iompar ag an am, níor cuireadh fiosrúchán cuí ar bun agus níor cuireadh stad lena chuid gníomhaíochtaí. Tá Kenneally i bpríosún faoi láthair as drochúsáid ghnéasach a dhéanamh ar 15 bhuachaill idir 1979 agus 1990. Cháin an tuairisc Bord Sláinte an Oirdheiscirt as gan eolas a bhí ar fáil dóibh ag an am a fhiosrú. Tá tagairt déanta do dhaoine áirithe i bpoist údaráis a raibh eolas acu faoi na líomhaintí thar na blianta. Mhol an Coimisiún go ndéanfaí fiosrúchán práinneach maidir le hoifigigh phoiblí agus aon fhaillí a raibh déanta acu ina ndualgas. Braitheann roinnt marthanóirí go léiríonn an tuairisc go raibh an ceart acu ina seasamh, cé go bhfuil fearg orthu faoi na deiseanna a cailleadh chun cosc a chur ar an drochúsáid. Dúirt an tAire Dlí agus Cirt, Jim O’Callaghan, go ndéanfaidh sé machnamh ar thorthaí na tuarascála agus go mbuailfidh sé leis na híospartaigh.

    I mBéal Feirste, tá an duine a gortaíodh san ionsaí scine a tharla oíche Luain i gcóma go fóill. Chaill Stephen Ogilvie súil amháin san ionsaí. Leanann an chorraíl ar aghaidh timpeall na cathrach. D’úsáid na póilíní gunna uisce ag Timpeallán Sandyknowes i nGleann Ghormlaithe, chun slua mór a scaipeadh tar éis ionsaithe leanúnacha ar na póilíní. Caitheadh brící, buidéil agus píosaí adhmaid ag na póilíní, agus rinne grúpaí de dhaoine a raibh masc orthu damáiste d’fhálta ag tithe áitiúla chun iad a úsáid mar airm. Tuairiscíodh tinte i roinnt áiteanna, lena n-áirítear feithicil de chuid an Roinn Bonneagair agus boscaí bruscair, agus rinneadh iarrachtaí foirgneamh tréigthe a chur trí thine. I roinnt cásanna, caitheadh buamaí peitril i dtreo línte na bpóilíní. Chuir an chorraíl isteach ar iompar poiblí ar fud na sé chontae ó thuaidh, agus dúnadh roinnt scoileanna go luath. Tá an foréigean seo cáinte go mór ag na húdaráis, a d’iarr ar dhaoine fanacht socair. Leanfaidh fiosrúcháin ar aghaidh maidir leis an gcéad ionsaí agus ar na himeachtaí a tháinig ina dhiaidh sin.

    Tá an Corn Domhanda FIFA tosaithe go hoifigiúil, an comórtas peile idirnáisiúnta is mó ar domhan, a bhíonn á reáchtáil gach ceithre bliana. Den chéad uair riamh, tá an comórtas ar siúl i dtrí thír - Meicsiceo, Ceanada agus na Stáit Aontaithe. Beidh cluichí i 16 chathair ar fud Mheiriceá Thuaidh, lena n-áirítear Cathair Mheicsiceo, Vancouver agus Nua-Eabhrac. Beidh 48 foireann páirteach sa chomórtas, roinnte i 12 ghrúpa de cheithre fhoireann. Laistigh de na grúpaí seo, imreoidh gach foireann trí chluiche. Rachaidh an dá fhoireann is fearr as gach grúpa ar aghaidh go huathoibríoch. Ansin, rachaidh ocht bhfoireann eile ar aghaidh freisin mar na foirne tríú háit is fearr. Cruthóidh seo na 32 foireann sa bhabhta díbeartha. Ón mbabhta díbeartha ar aghaidh, má chailleann foireann cluiche ar bith, fágfaidh siad an comórtas. Má bhíonn scór cothrom tar éis am breise, beidh ciceanna pionóis leis an mbuaiteoir a shocrú. Tá cluichí á n-imirt ar fud na gcathracha óstacha, agus leanfaidh an comórtas ar aghaidh go dtí an cluiche ceannais, a bheidh ar siúl i Nua-Gheirsí ar 19 Iúil 2026.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain.Tá script ar fáil i d’aip phodchraolta.



    líomhaintí drochúsáide gnéasaí leanaí - allegations of child sex abuse

    marthanóirí - survivors


    an Roinn Bonneagair - Department for Infrastructure

    go huathoibríoch - automatically

    babhta díbeartha - elimination round

  24. 6 Meitheamh 2026 (Maigh Eo)

    8 min

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an séú lá de mhí an Mheithimh. Is mise Oisín Mac Conamhna.Scríobh Volodymyr Zelenskyy, Uachtaráin na hÚcráine, litir oscailte chuig Vladimir …

    Notas del episodio

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an séú lá de mhí an Mheithimh. Is mise Oisín Mac Conamhna.

    Scríobh Volodymyr Zelenskyy, Uachtaráin na hÚcráine, litir oscailte chuig Vladimir Putin, Uachtaráin na Rúise, an tseachtain seo, inar mhol sé cruinniú mullaigh eatarthu, i stát neodrach, chun idirbheartaíocht a dhéanamh chun deireadh a chuir leis an gcogadh idir an dá thír. Sa litir, dúirt sé nach maith le muintir na Rúise dróin ná diúracáin na hÚcráine, nach maith leo ganntanas gásailín ná síorbholscaireacht ná síorshrianta, nach maith leo an slógadh nua atá ar intinn ag Putin, agus nach maith leo nach bhfuil aon deireadh leis an gcogadh le feiceáil. Dúirt sé go bhfuil arm na Rúise ag cailleadh tríocha míle saighdiúir in aghaidh na míosa, maraithe nó gortaithe go dona; agus go bhfuil a shaol fhéin luachmhar do Putin. Dúirt sé go bhfuil an aois ag tosnú cur isteach ar Putin, go méadfaidh an tuirse leis, agus nuair a thagann tuirseach ar an Rúis, tagann athruithe. Dúirt Putin go raibh an litir drochbhéasach, nach raibh aon chúis le cruinniú faoi láthair, agus gur cheap sé nach raibh an litir ag iarraidh cruinniú déthaobhach a eagrú.

    I Neipeal, tháinig Dawa Sherpa slán ó Shliabh Everest tar éis sé lá ina aonar go hard ar an sliabh, ar an dara lá dá shochraid a bheith ar siúl sa bhaile. Fágadh ina aonar é nuair a thóg sé sos ag teacht anuas thart ar 7,500 méadar, acht dúirt sé gur theip ar a chuid ocsaigin, agus ansin ní raibh sé in ann siúl a thuilleadh. Níor ith sé tada ar feadh dhá lá, agus ansin thosaigh sé ag mungailt leac oighir go crua, acht thug sé sin pian ina fhiacla dó. Ansin d’aimsigh sé seacláid ina phóca, a d’ith sé, acht ina dhiaidh sin thit sé isteach i gcreabhás. Ní raibh sé in ann dreapadh as ar feadh dhá lá go leith, go dtí gur thit maidhm shneachta isteach air, ionas go raibh sé ábalta éalú as an gcreabhás ar an sneachta. Ansin ba bheag nár chuir maidhm shneachta eile bac air, acht lean sé ar aghaidh tríd an sneachta agus tríd an oíche, go dtí go bhfacthas é ag crúbadach go mall síos go dtí an bunchampa, agus iompraíodh go sábháilteacht é. Dúirt a bhean chéile, Damu Sherpa, gur baineadh geit ollmhór aisti nuair a chonaic sí é arís den chéad uair, nach raibh sí in ann a chreideamh cén chaoi ar tháinig sé slán in aon chur, agus go raibh súil aici nach dtarlódh a leithid sin de dhochraide d’éinne eile. Dúirt a iníon, Mhendo Lhamo Sherpa, go raibh áthas orthu.

    Bhí bua iontach ag foireann sacair na mban na hÉireann i gcoinne na hÍsiltíre oíche Dé hAoine i bPáirc Uí Chaoimh, i gcluiche cáilithe don Chorn Domhanda. Fuair Kyra Carusa an chéad cúl d’Éirinn sa chéad leath, sula bhfuair Dominique Janssen cúl an chomhscóir don Ísiltír ó chic éirice le thart ar fiche nóiméad fágtha. Chuir Abbie Larkin Éire chun tosaigh arís, roimh chúl an chomhscóir eile ó Victoria Pelova. Acht sa nóchadú nóiméad, fuair Amber Barrett ó Dhún na nGall scór an bhua, agus bhrúcht Páirc Uí Chaoimh le ceiliúradh. Tá cluiche cáilithe amháin fágtha ag Éirinn, i gcoinne na Fraince Dé Máirt seo chugainn, agus má éiríonn leo, gheobhaidh siad cáiliú díreach chuig an gCorn Domhanda sa Bhrasaíl an bhliain seo chugainn.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    cruinniú mullaigh - summit meeting

    síorbholscaireacht ná síorshrianta - constant propaganda or restrictions

    creabhás - crevasse

    maidhm shneachta - avalanche

    cluiche cáilithe - qualifying match

    cúl an chomhscóir - the equalising goal

  25. 30 Bealtaine 2026 (Dún na nGall)

    7 min

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an tríochadú lá de mhí Bealtaine. Is mise Alanna Ní Ghallachóir.Tá tús curtha le triail iar-cheannaire an Pháirtí Aontachtaigh Dhaonlathaigh …

    Notas del episodio

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an tríochadú lá de mhí Bealtaine. Is mise Alanna Ní Ghallachóir.

    Tá tús curtha le triail iar-cheannaire an Pháirtí Aontachtaigh Dhaonlathaigh, Jeffrey Donaldson, agus a mhná céile, i ndiaidh do bheirt bhan líomhaintí a dhéanamh go ndearna sé mí-úsáid ghnéis orthu agus iad ina bpáistí. D’inis abhcóide an ionchúisimh, Rosie Walsh KC, don ghiúire de chúigear ban agus seachtar fear ag Cúirt Chórónach an Iúir, go ndúirt duine de na gearánaigh gur thosaigh an mhí-úsáid agus í fós sa bhunscoil, agus gur leanadh ar aghaidh leis ar feadh roinnt blianta. Dúirt an gearánach eile gur chreid sí gur tharla na teagmhais bainte léi féin thart fán aois chéanna. Agus é i mbun agallamh le póilíní tar éis á ghabhála i Mí an Mhárta 2024, dúirt Donaldson gur rud “dochreidte” a bhí sa chúiseamh éignithe ina aghaidh agus shéan sé na cúisimh a bhí curtha ina leith. Phléadáil iar-cheannaire an DUP neamhchiontach do 18 gcúiseamh agus shéan Bean Donaldson cúig chúiseamh. Deirtear gur tharla na teagmhais idir na blianta 1985 agus 2008

    Dé Céadaoin, sáraíodh an churiarracht teochta um mí na Bealtaine in Éirinn ag Aerfort na Sionainne, nuair a bhain an mearcair 30.6C amach. Lean sé seo curiarracht eile ní ba luaithe sa lá ag stáisiún aimsire Páirc na Darach, taobh amuigh de bhaile Cheatharlach, inar taifeadadh teocht 29.7C. Agus sa Phortaingéil, taifeadadh an lá is teo i mí na Bealtaine ag 40.3C sa bhaile lárnach Mora, agus tíortha in iarthar na hEorpa ag streachailt leo san aimsir mharfach leáiteach. Sna tríocha bliain a chuaigh thart, tá ardú teochta 0.56C tagtha ar an Eoraip achan deich mbliana, de réir na Seirbhíse Aeráide Copernicus - neart leis na teochtaí as cuimse a dhéanamh níos coitianta. Déardaoin, dúirt na Náisiúin Aontaithe go bhfuil seans maith ann go ndéanfaidh na meánteochtaí domhanda na hardteochtaí as cuimse níos géire.

    Tháinig clú agus cáil ar bhuabhall ailbíneach neamhchoitianta a bhfuil gruaig fhada fhionn air sa Bhangladéis, agus an fhéile Eid al-Adha ag bualadh linn, agus é ag tarraingt na sluaite cuairteoirí fiosracha a deir go bhfuil an-chosúlacht idir an t-ainmhí agus Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá, Donald Trump. Tógadh an buabhall, a bhfuil beagnach 700kg meáchain ann, ar fheirm i gceantar in aice leis an phríomhchathair, Dhaka, agus tugadh an leasainm Donald Trump air mar gheall ar an dos gruaige bán thar a bhaitheas. Is Moslamaigh iad formhór na mBangladéiseach, náisiún san Áise Theas a bhfuil 170 milliún duine ann, a bhí ag céiliúradh Eid al-Adha, féile na híobairte le linn na seachtaine. Bhí sléacht le déanamh ar an bhuabhall leis an fhéile a chomóradh ach, sna huaireanta sular cuireadh é chun báis, ghníomhaigh an rialtas leis an t-ainmhí a shabháil. Dúirt coiméadaí an Zú Náisiúnta um Bangladéis, Atiqur Rahman, go dtabharfaí cúram maith don ainmhí, agus bóthán áirithe tugtha don bhuabhall in éineacht le cúramóir, agus go mbeidh sé ar coraintín le haghaidh coicíse.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    gearánach - complainant

    cúiseamh éignithe - accusation of rape

    leáiteach - melting

    meánteochtaí - average temperatures

    buabhall ailbíneach - albino buffalo

    dos gruaige - tuft of hair

  26. 24 Bealtaine 2026 (Tiobraid Árann)

    8 min

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniú an ceathrú lá is fiche de mhí na Bealtaine. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loinsigh.Thascar Iosrael an Cabhlachán Domhanda Sumud in uiscí …

    Notas del episodio

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniú an ceathrú lá is fiche de mhí na Bealtaine. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loinsigh.

    Thascar Iosrael an Cabhlachán Domhanda Sumud in uiscí idirnáisiúnta arís i rith na seachtaine. Bhí 50 bád agus níos mó ná 400 gníomhaí páirteach sa chabhlachán, ag déanamh iarracht nua cúnamh a thabhairt go Gaza tar éis tascartha ó Israel ar an misean roimhe seo. Bhí ar a laghad dháréag saoránach Éireannach páirteach sa chabhlacán, an Dochtúir Margaret Connolly, deirfiúir le hUachtarán na hÉireann Catherine Connolly san áireamh. Cuireadh físeán ar líne a thaispeáin na coinníollacha uafásacha ina bhfuil na gníomhaí á gcoimeád. San fhíseán, tá Aire Slándálal Náisiúnta Iosrael, Itamar Ben-Gvir, le feiceáil, agus é ag déanamh trasnáil agus magadh orthu, rud a tharraing cáineadh ó oifigigh agus cinn stáit timpeall an domhain. Luaigh ionadaí ón gcabhlachán go bhfuil na coinníollacha céanna, agus níos measa fiú, á bhfulaingt ag na Pailistínigh agus gur chóir rialtais an domhain bearta níos láidre a thógáil i gcoinne Iosrael.

    Thug an tUachtarán Catherine Connolly an chéad chuairt oifigiúil ar an Ríocht Aontaithe i ról an Uachtaráin i rith na seachtaine. Thosaigh sí le cuairt ar an Irish Cultural Centre in Hammersmith, áit ar bhuail sí le polaiteoirí agus ionadaithe cultúir agus ealaíne de chuid na hÉireann i Londain, baill de Chonradh na Gaeilge i Londain san áireamh. Labhair sí faoin imirce stairiúil ó Éirinn go Sasana, agus an tionchar leathan ag daoine Éireannacha ar thionscal agus ar chultúr na Breataine. Luaigh sí cúiseanna eacnamaíocha agus an géarchéim tithíochta mar phríomhchúis leis an ardú is déanaí ar an imirce idir an dá thír le blianta beaga anuas. Ag céilliúradh cultúr Gaelach, dúirt sí freisin gur chóir d’Éireannaigh a bheith bródúil as cultúir eile a chuimsiú agus gan iad a fheiceáil mar bhagairt. Thug sí cuairt ar Phálas Buckingham ina dhiaidh sin agus thug sí cuireadh don Rí Séarlas cuairt a thabhairt ar Éirinn an bhliain seo chugainn. Lean an turas le stop ag Seó na mBláthanna in Chelsea agus cuairt ar an London Irish Centre i gCeamdain. Ansin, thaistil sí go Leeds le haghaidh cuairt ar Ollscoil Leeds agus an Leeds Irish Centre chun críoch a chur leis an turas.

    Bhuaigh Arsenal Príomhshraith Shasana Dé Máirt, den chéad uair ó bhí 2004 ann. Tháinig an bua nuair a chríochnaigh cluiche idir Manchester City agus Bournemouth ar comhscór. Bhí Manchester city sa dara háit sa tsraith ó thaobh pointí de agus bhí orthu bua a bhaint amach sa chluiche sin le bheith ábalta an ceann is fearr a fháil ar Arsenal sa bhabhta deireanach den tsraith. Níor bhain agus bhuaigh Arsenal an tsraith gan an cluiche deireanach a imirt. Bhí céilliúradh ar siúl trasna Londan ar an oíche, sa Tuaisceart go háirithe, áit dúchais na Gunners. Is í an Phríomhshraith an duais is airde i sacar Sasanach agus seo an ceathrú uair déag go bhfuil sé buaite ag Arsenal riamh. Beidh Arsenal ag iarraidh a rath a leanúint le bua i Sraith na Seaimpíní ag deireadh na míosa, den chéad uair i stair an chlub. Tarlóidh cluiche ceannais Shraith na Seaimpíní i gcoinne Paris Saint-Germain in Budapest ar an tríochadú lá de Mhí na Bealtaine.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS







  27. 16 Bealtaine 2026 (Gaillimh)

    6 min

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an séú lá déag de mhí na Bealtaine. Is mise Eoin Ó Seachnasaigh.Tá Príomh-Aire na Ríochta Aontaithe Keir Starmer faoi bhrú i ndiaidh seachtain …

    Notas del episodio

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an séú lá déag de mhí na Bealtaine. Is mise Eoin Ó Seachnasaigh.

    Tá Príomh-Aire na Ríochta Aontaithe Keir Starmer faoi bhrú i ndiaidh seachtain dhramatiúil inar éirigh roinnt airí as an gcomh-aireacht in Westminster, iad ag rá nach bhfuil muinín acu as. Bhí sé i gcruachás mar thoradh ar na toghcháin áitiúla i Sasana inar chaill Páirtí an Lucht Oibre beagnach 1,500 comhairleoir ar fud na tíre, níos mó ná 450 i Londain amháin. D’admhaigh Starmer gur ndearnadh botúin le linn a théarma go dtí seo, ach go leanfadh sé ar aghaidh mar cheannaire an pháirtí agus mar Phríomh-Aire mar sin féin, cé gurb iad Reform an páirtí is mó anois agus Nigel Farage faoi lán seoil go Sráid Downing, de réir cosúlachtaí. Ba é Wes Streeting an chéad iomaitheoir mór le héirí as Dé Céadaoin, agus d’fhógair an iar-Leas-Phriomh-Aire Angela Rayner Déardaoin go bhfuil a cuid fadhbanna cánach réitithe. Ceaptar go seasfaidh sí do cheannaireacht an pháirtí mura féidir le Méara Mhanchain Andy Burnham dul san iomaíocht. Níl cead ag éinne an cheannaireacht a bhaint amach gan a bheith ina fheisire ach dúirt Josh Simons tráthnóna Déardaoin go n-éireodh sé as a shuíochán le deis a thabhairt do Burnham i bhfothoghchán. Ainm eile a luaitear leis an bpost ná iar-cheannaire an pháirtí Ed Miliband, ach tá an chuma ar an scéal nach seasfaidh sé.

    Go cúrsaí ceoil anois, le píosa nuachta a bheidh spéisiúil do lucht éisteachta an amhránaí as Contae Lú, David Keenan. Tar éis taispeantáis rathúla ar fud na cruinne, ag féilte scannáin ó Krakow go Chicago, tá an clár faisnéise David Keenan: Focla ar Chanbhás le feiceáil faoi dheireadh ar Sheinnteoir TG4. Paddy Hayes a stiúr é, ainm atá ceangailte le hearnáil craoltóireachta na hÉireann le blianta fada, i measc a chuid saothar bhí an tsraith iriseoireachta Corp agus Anam. Leanann an clár nua seo David ar feadh caoga lá, le fócas ar leith ar an bpróiseas cruthaitheach a bhí aige agus é i mbun taifeadta. Chomh maith leis sin, pléann sé an streachailt phearsanta fanacht glan ó bhrú na meán sóisialta agus a scéal féin á insint. Dá bhrí sin, is féidir a bheith ag súil le léargas fileata ar dhuine dár gcumadóirí comhaimseartha is cumhachtaí, agus ar a thírdreach inmheánach shaibhir.

    Bhí breis is míle paisinéir sáinnithe ar long chrúsála amach ó chósta Bordeaux i rith na seachtaine tar éis ráig gaistreintrítis. Cé nár bhuail an tinneas ach caoga duine, b’éigean do gach duine acu fanacht ar bord nuair a bhásaigh turasóir amháin agus léirigh roinnt de na daoine eile comharthaí an ghalair. Rinneadh iniúchadh go sciobtha agus fuair na híospartaigh cúram éigeandála ó dhochtúir na loinge sular cuireadh i gcoraintín iad. D’fhág an long darb ainm ‘Ambition’ Oileáin Shealtainn ar an 6ú lá de mhí na Bealtaine agus stop sí ar dtús i mBéal Feirste agus ansin i Learpholl sular shroich sí Bordeaux. Agus muid ag taifeadadh, bhí na húdaráis fós ag bailiú samplaí ó na paisinéirí ionas go bhfeadfaí iniúchadh níos iomláine a dhéanamh. Deirtear nach bhfuil aon bhaint ag an eachtra seo leis an ráig hantaivíris a tharla ar long chrúsála de chuid na hÍsiltíre, an MV Hondius, le déanaí, ach pé scéal é, bígí cúramach má théann sibh amach ar muir!

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    comh-aireacht - cabinet (politics)

    feisire - MP

    earnáil craoltóireachta - broadcasting sector

    léargas - insight

    cúram éigeandála - emergency care

    iniúchadh - investigation

  28. 9 Bealtaine 2026 (Tír Eoghain)

    9 min

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an naoú lá de mhí na Bealtaine. Is mise Niall Ó Siadhail.Tá triúr marbh agus roinnt eile an-tinn i ndiaidh ráig den hantaivíreas ar long …

    Notas del episodio

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an naoú lá de mhí na Bealtaine. Is mise Niall Ó Siadhail.

    Tá triúr marbh agus roinnt eile an-tinn i ndiaidh ráig den hantaivíreas ar long Ísiltíreach san Aigéan Atlantach. D'imigh an long ó dheisceart na hAirgintíne ar an chéad lá de mhí Aibreáin agus beagnach céad go leith duine ar bord, and d'fhág bean amháin in éineacht le corp a fir chéile an long i San Héilin. Fuair sí féin bás fosta. Fuair paisinéir eile bás seachtain ó shin, agus bhí amhras ann an mbeadh cead ag an long teacht isteach sna hOileáin Chanáracha, mar gheall ar an víreas. De ghnáth, baineann an hantaivíreas le creimirí amhail luchóga agus francaigh, ach tagann sé ar dhaoine ó am go ham. Dúirt an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte Déardaoin nach bhfuil siad ag súil le heipidéim mar gheall ar an ráig.

    Tá maoiniú do Thionscadal Logainmneacha Thuaisceart Éireann sábháilte i ndiaidh fógra an tseachtain seo go mbeadh deireadh ag teacht le tacaíocht an rialtais don tionscadal, atá ar an fhód le beagnach daichead bliain. Bunaíodh é in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, in 1987, le taighde a dhéanamh ar bhunús agus brí logainmneacha ar fud na Sé Chontae, ach d'fhógair an tAire Pobal Gordon Lyons, atá ina bhall den Pháirtí Daonlathach Aontachtach, nach mbeadh an maoiniú ar fáil a thuilleadh. Meastar gur £90,000 sa bhliain atá i gceist. Tháinig cor eile sa scéal, áfach, nuair a d'fhógair an tAire Geilleagair Caoimhe Archibald go gcuirfeadh a Roinn féin an maoiniú ar fáil. Shéan an tAire Lyons go raibh dearcadh frith-Éireannach aige.

    Bhain an craoltóir cáiliúil David Attenborough céad bliain amach inné. Rugadh é sa bhliain 1926 agus bhí suim aige sa dúlra ó bhí sé ina bhuachaill óg. Thosaigh sé ag obair leis an BBC ag tús na gcaogaidí agus bhí sé ina rialtóir ar an chainéal nua BBC2 sna seascaidí. Chruthaigh sé an clár faisnéise Life on Earth in 1979, agus ba sa tsraith seo go raibh cruinniú cáiliúil aige le grúpa goraillí i Ruanda. Chuaigh sé i bhfeidhm go mór ar an lucht féachana nuair a labhair sé leis an cheamara faoi éirim agus tuiscint na ngoraillí, agus ón am sin, bhí na milliún daoine timpeall an domhain tógtha lena chuid clár faisnéise agus go háirithe lena ghuth séimh. Tá go leor de na cláir sin le feiceáil ar shuíomh an BBC faoi láthair, agus tá neart imeachtaí eile ar siúl lena bhreithlá a cheiliúradh.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    ráig - outbreak

    creimirí - rodents

    an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte - the World Health Organisation

    maoiniú - funding

    logainmneacha - placenames

    frith-Éireannach - anti-Irish

    craoltóir - broadcaster

    rialtóir - controller

  29. 2 Bealtaine 2026 (An Dún)

    8 min

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an dara lá de mhí na Bealtaine. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh.Tá Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump i ndiaidh ordú a thabhairt go dtabharfar …

    Notas del episodio

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an dara lá de mhí na Bealtaine. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh.

    Tá Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump i ndiaidh ordú a thabhairt go dtabharfar cúig mhíle saighdiúir Meiriceánach abhaile ón Ghearmáin. Rinneadh an t-ordú mar gheall ar achrann eile le comhghuaillí de chuid na Meiriceánach, nuair a cháin Seansailéir na Gearmáine Friedrich Merz an cogadh leis an Iaráin. Tá láithreacht mhíleata láidir ag na Stáit Aontaithe sa Ghearmáin ó bhí an Dara Cogadh Domhanda ann, agus thart ar tríocha cúig míle saighdiúir ann faoi láthair. Ag an am chéanna, níor thángthas ar réiteach go fóill le deireadh buan a chur leis an chogadh, agus mharaigh ionsaithe Iosraelacha dháréag sa Liobáin le cúpla lá anuas.

    Tá albam úr Kneecap FENIAN ar fáil ó inné, Lá Bealtaine. Rinne siad an t-albam leis an léiritheoir ceoil mór le rá Dan Carey, a d'oibrigh le grúpaí ar nós Fontaines DC agus Franz Ferdinand roimhe seo. Tagann an ceirnín úr i ndiaidh cúpla bliain de chonspóid, agus Mo Chara ag dul i ngleic le cúiseamh go raibh sé ag tacú le grúpaí toirmiscthe. Tá cúrsaí polaitíochta faoi chaibidil go mór san albam nua, agus rapálaí Palaistíneach le cluinstin in amhrán amháin, ach tá téamaí níos pearsanta ann fosta, agus críochnaíonn an t-albam le traic in ómós do mháthair Móglaí Bap, a fuair bás sa bhliain 2020.

    Cuireadh fáilte an ghaiscígh roimh Sabastian Sawe ina bhaile dúchais sa Chéinia an tseachtain seo, i ndiaidh dó Maratón Londan a bhuachan agus curiarracht úr taobh istigh de dhá uair an chloig a bhaint amach. Tugadh fleasc traidisiúnta agus deoch de bhainne coipthe ag an aerfórt, agus dúirt Sawe leis an tslua gur leis an phobal ar fad an bua seo. Ina dhiaidh sin, tugadh duaiseanna eile dó ag fáiitiú mór in áras Uachtarán na Céinia. Tá clú agus cáil ar reathaithe na Céinia, agus bhí seanmháthair Sawe féin páirteach ag na Cluichí Oilimpeacha in München sa bhliain 1972.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    achrann - spat

    comhghuaillí - ally

    grúpaí toirmiscthe - proscribed groups

    fáilte an ghaiscígh - a hero's welcome

    fleasc - wreath

    bainne coipthe - fermented milk

  30. 25 Aibreán 2026 (Ard Mhacha)

    7 min

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an cúigiú lá is fiche de mhí Aibreáin. Is mise Barra Mac Giolla Aoláin.Tá síneadh "deiridh" curtha ag an Uachtarán Trump leis an tsos cogaidh chun …

    Notas del episodio

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an cúigiú lá is fiche de mhí Aibreáin. Is mise Barra Mac Giolla Aoláin.

    Tá síneadh "deiridh" curtha ag an Uachtarán Trump leis an tsos cogaidh chun deis a thabhairt don Iaráin "moladh aontaithe" síochána a chur chun cinn. Tagann an cinneadh seo i ndiaidh idirghabháil phráinneach ó cheannairí na Pacastáine in Islamabad. Thug Trump rabhadh gurb é seo an síneadh "deiridh", agus bhagair sé ionsaithe ar bhonneagar na hIaráine mura n-aontaítear margadh. Tá léigear cabhlaigh na Stát Aontaithe fós i bhfeidhm; cáineann Tehran é seo mar "ghníomh cogaidh" agus mar shárú ar an sos cogaidh. Leanfar leis na cainteanna sa Phacastáin agus an t-am ag rith amach roimh spriocdháta nua na n-uachtarán.

    Beidh fothoghcháin ar siúl i nBaile Átha Cliath Láir agus i nGaillimh Thiar ar an Aoine, 22 Bealtaine. Tá suíochán amháin folamh mar d'fhág Paschal Donohoe an Dáil, agus an suíochán eile mar go bhfuil Catherine Connolly ina hUachtarán anois. Tá go leor daoine ag rith cheana féin—deichniúr i mBaile Átha Cliath agus triúr déag i nGaillimh. Is é an 1 Bealtaine an spriocdháta d'ainmniúcháin. De ghnáth, bíonn sé deacair ar pháirtithe an Rialtais fothoghcháin a bhuachan. Mar sin féin, ní athróidh na torthaí mórán sa Dáil. Tabharfaidh na toghcháin seo léargas dúinn ar thuairimí na ndaoine tar éis na n-agóidí breosla le déanaí.

    Bhuaigh Manchester City 1-0 in aghaidh Burnley ag Turf Moor le linn na seachtaine, bua a d'fhág go bhfuil siad chun tosaigh ar Arsenal den chéad uair le sé mhí anuas. Ba é an t-urchar luath ó Erling Haaland—an fichiú cúl aige an séasúr seo—an t-aon chúl sa chluiche. Cé gur bhuaigh siad, bhí imní ar lucht leanúna City mar nár thapaigh an fhoireann go leor deiseanna eile chun an cluiche a chur chun deiridh. Maidir le Burnley, is toradh tubaisteach é seo; tá sé deimhnithe anois go mbeidh siad dícháilithe ón Phríomhshraith. Tá an rás don teideal gor ar ghob. Tá 70 pointe ag City agus Arsenal chomh maith agus tá difríocht na gcúl mar an gcéanna acu freisin. Mar sin féin, tá City sa chéad áit mar gheall ar an líon iomlán cúl atá scóráilte acu. Níl ach cúig chluiche fágtha sa tséasúr.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    síneadh - extension

    bonneagar - infrastructure

    fothoghchán - by-election

    agóidí breosla - fuel protests

    urchar - shot

    an Phríomhshraith - the Premier League

Aquí están los 40 episodios más recientes de 364. Los anteriores están en el feed del podcast.

¿Es tu podcast?

Confírmalo con una entrada en tu feed: aquí recibes un código, lo añades como podcast:txt en el canal de tu feed y nosotros lo comprobamos. Después tu podcast aparecerá como «verificado» en SoundNode.

Ajustes

Visualización

Idioma

Determina qué emisoras ves primero en la página de inicio.

Historial

Las emisoras y episodios escuchados recientemente y tus últimas búsquedas solo se guardan en este navegador.

Avisos

Un breve aviso cuando un pódcast que sigues tiene un episodio nuevo. Puedes desactivar pódcast concretos con la campana de su página.

Cuenta

Guarda tus favoritos: en la app y en la web.

Atajos de teclado

/
Abrir búsqueda
Espacio
Reproducir o pausar
← →
En el reproductor: 15 s atrás, 30 s adelante (episodios) · en una fila: siguiente tarjeta
↑ ↓
En una fila: destino dentro de la tarjeta
Inicio / Fin
En una fila: primera o última tarjeta
Esc
Cerrar ventana o menú
?
Este resumen
Reproduciendo ahora

Ir a la emisora

A continuación

    Añade episodios con «A continuación»: sonarán después del episodio actual.